

Bhain oifigigh SAS sa Bhreatain úsáid as córas rúnda ríomhaireachta chun íomhánna grafacha de mhí-úsáid leanaí a bhaineann lena gcuid saighdiúirí a cheilt.
Bhí an t-ábhar náireach i bhfolach ar ghréasán chomh rúnda nach raibh cead fiú ag na póilíní míleata sa Bhreatain féachaint air.

Tháinig sé chun solais nuair a fuarthas amach é mar chuid d’fhiosrúcháin ar éilimh gur chuir trúpaí SAS sibhialtaigh chun báis san Afganastáin, gan trua gan taise.
Go príomha baineadh úsáid as Sonata – an córas rúnda – chun tuairiscí a stóráil ar oibríochtaí SAS, ach cuireadh rudaí i bhfolach taobh istigh den fhreastalaí.
Dúirt foinsí gur chóipeáil agus gur roinn saighdiúirí san SAS na híomhánna eatarthu féin dá n-úsáid phearsanta.
Tagraíonn cáipéisí Ard-Chúirte sa Bhreatain do theip ar na póilíní míleata teacht ar na saighdiúirí san SAS a chóipeáil agus a scaipeadh an t-ábhar.
Tá baill shinsearacha d’arm na Breataine á chúiseamh as bac a chur ar fhiosrúchán ar na híomhánna seo d’aon ghnó, trí na híomhánna is measa a stóráil san áit nach bhféadfaí iad a fheiceáil.
Cuireadh cosc ar na póilíní míleata ó Sonata a chuardach, agus á rá go raibh sé mar fheidhm aige tuarascálacha oibríochta a stóráil.
Ansin chuir siad deireadh leis an fiosrúchán isteach sna híomhánna de mhí-úsáid leanaí, ag rá nach raibh aon fhianaise i gcoinne aon saighdiúirí na Breataine.
I 2016, glanadh Sonata, rud a scriosadh na tuarascálacha oibriúcháin agus na híomhánna mígheanasach.
Ag an am bhí imscrúdú ar a dtugtar Operation Northmoor ar líomhaintí faoi mharú neamhdhleathach ag an SAS.
Tá tuairiscí cloiste faoin gcaoi ar ‘mharaíodh’ suas le 80 Afganastánachi bpríosúin ó 2010 go 2013 ag saighdiúirí an SAS.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.