

Tá ionsaí déanta ag Iosrael ar go leor suímh ar fud na Siria agus tá faitíos ag méadú go sleamhnóidh an tír ar ais i gcogadh cathartha
Ó Dé Domhnaigh, nuair a tháinig sé chun solais go raibh an tSiria ag athrú réime, tá Iosrael i mbun feachtas mór ón aer sa tír.
Bhí ar a laghad 350 ionsaithe aeir in áiteanna atá leibhéalta anois ar fud na tíre.
Táthar ag maíomh go raibh ionsaithe Iosrael in aghaidh an Chabhlaigh (Navy), ‘drones’, córais aerchosanta, gléasraí airm agus soláthairtí eile.
Tá trúpaí Iosraelacha ar an talamh freisin ar chríoch na Siria, don chéad uair le níos mó ná 50 bliain.

D’iarr toscaire speisialta na Náisiún Aontaithe don tSiria ar Iosrael stop a chur lena oibríochtaí míleata.
Dúirt oifigigh mhíleata Iosrael go raibh a gcuid ionsaithe ‘cosantach’.
Maíonn siad go bhfuil siad ag ionsaí airm cheimiceacha amhrasach le cosc a chur orthu titim ‘i lámha na sceimhlitheoirí’.
Bhí an grúpa reibiliúnach a bhí i gceannas ar an éirí amach i gcoinne an uachtaráin, Bashar al-Assad, nasctha roimhe seo le Al Qaeda agus tá sé fós ainmnithe mar ghrúpa sceimhlitheoireachta ag Meiriceá, na Náisiúin Aontaithe agus go leor tíortha san iarthar.
Cé go bhfuil na reibiliúnaigh atá i gceannas anois ag iarraidh rialtas a chur le chéile, tar éis dóibh an Damaisc a thógáil, tá grúpaí armtha a bhfuil leasanna iomaíocha acu fós ag troid ar son críocha agus cumhachta.
I dtuaisceart na Siria, tharla troid Dé Máirt idir reibiliúnaigh a fuair tacaíocht ón Tuirc agus fórsaí Coirdíneacha (Kurdish) le tacaíocht ó SAM.
Cheap an grúpa reibiliúnach a bhunaigh rialtas eatramhach Mohammed al-Bashir mar phríomh-aire.
Dúirt an rialtas nua go gcuirfeadh sé pionós ar oifigigh shinsearacha ó réimeas Assad atá gafa.
Agus i Meiriceá, gheall an tUachtarán tofa Donald Trump gan a bheith páirteach sna hathruithe sa tSiria.
‘Ní hé seo ár troid. Ná bí páirteach,’ a scríobh sé ar na meáin shóisialta.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.