

Tá athbhreithniú breithiúnach (judicial review) tugtha ag feachtasóirí in aghaidh forbairt chonspóideach €500 milliún ar Shráid Uí Mhúraigh stairiúil (Moore Street) i mBaile Átha Cliath.
Tagann sé seo tar éis don Bhord Pleanála pleananna conspóideacha chun codanna de shuíomh Éirí Amach na Cásca 1916 agus Sráid Uí Mhúraigh a fhorbairt a cheadú.
Déanfar na foirgnimh timpeall ar shuíomh an tSéadchomhartha Náisiúnta (National Monument) ag 14-17 Sráid Uí Mhúraigh a scartáil (demolish).

Tá sé beartaithe ag an gcomhlacht réadmhaoine ón Bhreatain, Hammerson, spás cónaithe, oifige agus miondíola a chruthú.
Áirítear leis na hiarratais 79 árasán ar cíos, siopaí, óstán, bialann, caifé, agus ‘limistéir chultúrtha’.
Cheadaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath na pleananna i mí Eanáir 2022 agus sheas an Bord Pleanála leo i mí Mheán Fómhair.
Dheimhnigh an (Iontaobhas Caomhnaithe Shráid Uí Mhúraigh) Moore Street Preservation Trust, grúpa atá i mbun feachtais le fada chun limistéir chultúir 1916 a fhorbairt ar an láthair, go bhfuil athbhreithniú breithiúnach ceadaithe acu chun cur in aghaidh chinneadh an Bhoird Pleanála.
Dúirt siad gurb iad na forais (grounds) atá leis an athbhreithniú ná sáruithe ar Phlean Forbartha Chathair Bhaile Átha Cliath (Dublin City Development Plan) agus cur isteach ar struchtúir chosanta i gceantar Shráid Uí Mhúraigh.
Tá sé ráite ag gar-garmhac James Connolly, James Connolly Heron, gur céim sa treo ceart é an t-athbhreithniú breithiúnach.
‘Is í Sráid Uí Mhúraigh a tháinig slán as Éirí Amach 1916, suíomh Cheanncheathrú (HQ) deiridh an Rialtais Shealadaigh atá fós ag seasamh inniu,’ a dúirt sé.
‘Ní sheasfaimid go díomhaoin agus ní ligfimid an talamh naofa seo a scrios ar mhaithe le leas tráchtála na bhforbróirí maoine príobháideacha,’ ar sé.
‘Ní féidir ligean dó an chinniúint chéanna a bhaint amach agus a bhí i dteach an teaghlaigh ‘The O’Rahilly’ – a leagadh síos thar oíche le cead cinneadh ó bhaill an Bhoird Pleanála.’
Leagadh iarbhaile Mhichíl Sheosaimh Uí Rathaille, duine de bhunaitheoirí Óglaigh na hÉireann, in 2020 in ainneoin glaonna forleathana lena chaomhnú.
‘Tá éileamh Hammerson go n-athnóidh a bplean an chuid stairiúil seo den chathair go híogair,’ a dúirt an tUasal Heron.

Bhí cruinniú deiridh ceannairí Éirí Amach na Cásca i Sráid Uí Mhúraigh i 1916 agus ba ag Uimh. 16 a ghéill siad do na Briotanaigh.
Fógraíodh na foirgnimh mar Shéadchomhartha Náisiúnta in 2007 agus glacadh le pleananna chun iad a athrú ina lárionad cuimhneacháin i 2016.
Bhí an obair le tosú anuraidh ach tá sé le tosú fós. Ciallaíonn moill nach bhfuiltear ag súil go n-osclófar an t-ionad go dtí 2026 ar a luaithe.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.