

Tá réalta na Dubs Brian Fenton le dul ar scor, de réir tuairisce san Irish Times. Cuirfidh an cinneadh tobann go leor trioblóide ar bhainisteoir Bhaile Átha Cliath Dessie Farrell agus é ag ullmhú do shéasúr 2025.
Tagann cinneadh Fenton, atá 31 bliain d’aois, éirí as a imirt peile idirchontae tar éis do James McCarthy éirí as níos luaithe an mhí seo.
Bhí clú agus cáil ar Fenton thar na blianta mar níor chaill Áth Cliath aon chluiche agus é ag imirt, óna chéad chluiche in 2015 go dtí 2021.

Aithnítear go forleathan é mar dhuine de na himreoirí lár páirce is fearr sa chluiche riamh.
Ní comhtharlú é go raibh an ré ba ghlórmhar ag Baile Átha Cliath ag an am céanna a tháinig Fenton isteach.
Bhuaigh Fenton seacht mbonn Chraobh na hÉireann le linn a 10 séasúr d’fhoireann pheile Átha Cliath.
Bhuaigh sé 10 mbonn Laighean freisin, agus bronnadh dhá ghradam imreoir na bliana air san am sin.
Bhuaigh an t-imreoir lár páirce sé ghradam All-Star agus bhí baint aige le foirne Bhaile Átha Cliath a bhuaigh teideal sraithe peile náisiúnta i gceithre shéasúr.
Bhí Fenton mar chuid d’fhoireann Bhaile Átha Cliath a bhuaigh sé theideal peile sinsir as a chéile.

Theip ar na Dubs i 2021 agus 2022. Ach d’fhill Stephen Cluxton i 2023, le Jack McCaffrey agus Paul Mannion.
Agus le sin d’éirigh le Fenton bua eile a fháil, an seachtú ceann, i gCraobh na hÉireann.
Bhí a gcluiche deiridh do Bhaile Átha Cliath i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann an samhradh seo nuair a chaill siad do Ghaillimh.
Faoi Jim Gavin, bhí sé an-tábhachtach don fhoireann.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.