Gailearaí pictiúr: Féach taobh istigh de theach Daniel Kinahan, tógtha ag CAB; agus féach ar an bpraghas!

12/11/2024

B’fhiú €750,000 an teach seo a d’urghabh CAB ó Kinahan i 2013, tá sé ar díol anois ar €200,000 níos lú ná sin

Tá teach Daniel Kinahan curtha ar ceant (auction) ag an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla (Criminal Assets Bureau, CAB), ar phraghas tosaigh de €550,000.

Dhá bhliain ó shin, d’urghabh CAB teach Kinahan, atá scoite le ceithre sheomra leapa, agus atá ar chúinne d’fhorbraíocht ‘gated’ ag Coldwater Lakes i dTeach Sagard (Saggart), Baile Átha Cliath.

Déantar cur síos ar an teach ar Daft.ie mar ‘teach scoite le go leor fairsinge agus le ceithre sheomra leapa suite ar shuíomh cúinne leathan i bhforbraíocht “gated”.’

Teach Daniel Kinahan
Teach Daniel Kinahan

Tá 3,410 troigh chearnach (square foot) de spás maireachtála sa teach thar dhá urlár.

De réir an liosta faoi theach Kinahan, ‘tá staighre iontach ag bealach isteach mór an tí le banastarsaibhir adhmaid agus cairpéad liath’.

Ag tosú ar urlár na talún, cuimsíonn an 1,490 troigh chearnach seomra tosaigh mór, le cistin phlean oscailte, áit suí agus seomra bia.

Tá ‘a unique curved island with black countertops’ ann.

 Áirítear ar an 1,920 troigh chearnach den chéad urlár,  ceithre sheomra leapa móra le dhá ensuites chomh maith le príomh seomra folctha.

Tá garáiste athchóirithe (converted) ag an teach freisin le ballaí le scátháin orthu agus ‘urlár sprionga (sprung floor)’ a cheapann an ceantálaí ‘go bhfuil sé oiriúnach le húsáid mar sheomra aclaíochta sa teach, stiúideo rince nó spás caitheamh aimsire.

Tá an teach ‘críochnaithe ar ardchaighdeán’ ach beidh ‘gá le roinnt deisiúcháin go hinmheánach agus go seachtrach’.

D’ordaigh an Ard-Chúirt go bhféadfadh an CAB an teach mór, a bhí ‘faoi úinéireacht éifeachtach’ Kinahan, a urghabháil i 2022.
D’ordaigh an Ard-Chúirt go bhféadfadh an CAB teach Kinahan a urghabháil i 2022.

Rachaidh teach Kinahan, 10 Coldware Lakes, Teach Sagard, Co. Bhaile Átha Cliath ar ceant ar an 12 Nollaig le praghas tosaigh de €550,000.

D’ordaigh an Ard-Chúirt go bhféadfadh an CAB an teach mór, a bhí ‘faoi úinéireacht éifeachtach’ Kinahan, a urghabháil i 2022.

Rialaigh an Breitheamh Ard-Chúirte Michael MacGrath gur measadh an teach, arbh fhiú €750,000 i 2013 é, mar fháltais na coireachta (proceeds of crime), ina rialú.

Dúirt abhcóide an CAB, Shelley Horan, gur ‘suntasach’ é nár tháinig aon duine chun cinn chun úinéireacht a éileamh ar a leithéid de ‘mhaoin luachmhar’, rud a dúirt sí a bhí ‘an-suimiúil’.

Breathnaigh taobh istigh i dteach Kinahan


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram