Fear gafa i gcás Jo Jo Dullard; agus tá tochailt agus cuardach fóiréinseach á dhéanamh ag saineolaithe na ngardaí

12/11/2024

Rinne gardaí atá ag fiosrú cás Jo Jo Dullard pléadáil faisnéise Dé Sathairn, 29 bliain tar éis di imithe, agus ghabh siad fear dhá lá ina dhiaidh sin

Tar éis fear a ghabháil i gcás Jo Jo Dullard, tá talamh ar an teorainn idir Cill Mhantáin agus Chill Dara á chuardach.

D’imigh Ms Dullard, a bhí 21 bliain d’aois nuair a chuaigh sí ar iarraidh, ar 9 Samhain, 1995.

Uasghrádaíodh an t-imscrúdú go dúnmharú 25 bliain ó chuaigh sí ar iarraidh.

Agus anois gabhadh fear, atá ina 50idí, Dé Luain maidir lena bás.

Jo Jo Dullard
Jo Jo Dullard

Chuardaigh gardaí dhá áit chónaithe príobháideacha maidin Dé Luain freisin.

Dúirt siad go raibh tochailt (excavation), chomh maith le scrúduithe teicniúla agus fóiréinseacha, i gceist leis an gcuardach ar Ghráinseach Choinn i gContae Chill Mhantáin (Wicklow), agus go leanfadh sé ar aghaidh sna laethanta amach romhainn.

Chuaigh Jo Jo Dullard ar iarraidh as Maoin (Moone), Co. Chill Dara i 1995.

Bhí sí 21 bliain d’aois agus ag obair i gCallainn (Callan), Co. Chill Chainnigh agus thaistil sí go Baile Átha Cliath Déardaoin 9 Samhain, áit ar chaith sí tamall i mBeár Bruxelles ar Shráid Harry, díreach in aice le Sráid Grafton.

Chaill sí an bus díreach deireanach abhaile an oíche sin, agus mar sin fuair sí bus go dtí an Nás, Co. Chill Dara.

In Moone, rinne Ms Dullard glao gutháin ar a cara Mary Cullinan ag 11.37pm.

Le linn an ghlao sin, dúirt Ms Dullard le Ms Cullinan go raibh carr stoptha di, agus go raibh sí chun an tsíob a thógáil.

Bhí sí 21 bliain d'aois
Bhí sí 21 bliain d’aois

Ba é seo an t-idirghníomhú deireanach a bhí ar eolas le Jo Jo Dullard.

Creideann Gardaí gur tharla díobháil thromchúiseach do Ms Dullard ar oíche an 9 Samhain nó thart timpeall air.

Sheol Gardaí pléadáil nua Dé Sathairn 29 bliain ó chonacthas í an uair dheireanach.

Tá siad fós ag lorg eolais ó aon duine atá in ann cabhrú leo.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram