

Ba chosúil gurbh é Donald Trump an buaiteoir agus na vótaí á gcomhaireamh maidin Dé Céadaoin i dtoghchán uachtaránachta Mheiriceá.
Má thagann sé chun bheith ina uachtarán arís is drochscéala é sin d’Éirinn, de réir foláireamh atá tugtha cheana féin ag an Aire Airgeadais Jack Chambers.

Bhuaigh Poblachtánaigh tromlach an tSeanaid freisin tar éis dóibh suíocháin Dhaonlathacha a fháil in West Virginia agus Ohio.
Ba chosúil nach raibh dóthain vótaí ag ceachtar páirtí le smacht a bheith acu ar Theach na nIonadaithe, áit a bhfuil tromlach ag Poblachtánaigh faoi láthair.
Má fhaigheann na Poblachtánaigh smacht ar Theach na nIonadaithe tabharfaidh sin i bhfad níos mó cumhachta do Donald Trump a chuid polasaithe féin a thabhairt isteach.
Teastaíonn 270 vóta ó na coláistí toghcháin chun an uachtaránacht a fháil.
Rinneadh tuar i bhfabhar Trump tar éis dó an dara stát ‘swing’ a bhuachan, Georgia. Bhí sé sin tar éis North Carolina a bhuachan.
Mar a bheifí ag súil leis, bhuaigh Harris roinnt vótaí do Choláistí Toghcháin (Electoral College) ó ‘balla gorm (blue wall)’ an chósta thiar.
Bhí an rás don Teach Bán ag brath ar na seacht stáit ‘swing’.
Is iad sin North Carolina, Michigan, Pennsylvania, Wisconsin, Georgia, Arizona agus Nevada.
Ní raibh mórán cur isteach ar an vótáil ar fud Mheiriceá, in ainneoin gur ghlaoigh isteach bagairtí buama ‘hoax’ in ionaid vótaíochta i roinnt stát.
Má bhuann Trump d’fhéadfadh trioblóid a bheith ann do gheilleagar (economy) na hÉireann.
D’fhéadfadh a ‘náisiúnachas dúnta (insular nationalism)’ ar bheartas eacnamaíoch Mheiriceá a bheith ina bhagairt do rathúnas (prosperity) na hÉireann dá dtoghfar é, a dúirt an tAire Airgeadais Jack Chambers.
Dúirt an tAire go léiríonn seans teacht an dara huachtaránacht Trump ‘riosca níos leithne don trádáil dhomhanda’.

Agus bhí duine de chomhairleoirí an iar-uachtarán ag cur i leith na hÉireann as barrachais bhuiséadacha (budgetary surpluses) a thaifeadadh ar chostas Mheiriceá.
Chuir Chambers a imní in iúl coicís ó shin.
Ag an am, dúirt Howard Lutnick – ceannasaí domhanda Cantor Fitzgerald, mór-thacadóir d’fheachtas Trump – le déanaí go bhfuil sé ‘seafóideach go bhfuil barrachas trádála, ar ár gcostas, ag Éirinn’.
Nuair a fiafraíodh de Chambers, ag an am, ar fhéach sé ar Trump mar bhagairt eacnamaíoch d’Éirinn, dúirt an tAire Airgeadais go bhfuil ‘athrú geopolitical’ ina ‘fhachtóir mór riosca’ don tír.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.