An bhfuil amhrán Pan Cheilteach agat? ‘Eurosong’ do Ghaeilgeoirí

Déanann Comórtas Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach ceiliúradh ar cheoltóirí, amhránaithe agus scríbhneoirí inár gcultúr féin. Bain triail as!

Tá an méid sin ceol as Gaeilge ar fáil, ó Kneecap go Róis, go bhfuil seans iontach ag iarratais do Chomórtas Pan Cheilteach.

Tá an Comórtas Náisiúnta Amhrán Nua-Chumtha fógartha agus tá iarratais á lorg.

Is comórtas é seo chun amhrán nua a aimsiú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann ag Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2025.

Kneecap
Kneecap

Ní foláir na hamhráin a bheith as Gaeilge agus is gá na liricí mar aon leis an gceol a bheith nua chumtha.

Cuireann Comórtas Pan Cheilteach fáilte roimh gach stíl amhráin idir amhráin traidisiúnta, pop, amhráin tíre, rac nó rap, snagcheol agus eile.

Ní foláir iarratais a bheith istigh faoi 5in, Dé Luain, 30 Mí na Nollag.

Comórtas Pan Cheilteach
Comórtas Pan Cheilteach

Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh beo ag an gComórtas Náisiúnta a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 25 Eanair in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach.

Beidh painéal moltóirí ann chun na hamhráin a mheas ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus cur i láthair.

Déanfaidh IMRO i gcomhar le Gael Linn urraíocht ar an gcomórtas náisiúnta.

Bronnfar duais €1,000 agus trófaí náisiúnta ar an amhrán a roghnóidh na moltóirí, chomh maith le bheith mar iarratas na hÉireann ag an gcomórtas idirnáisiúnta a bheidh ar siúl le linn Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2025, a bheidh ar siúl i gCeatharlach ó 22 go 26 Aibreán an Cháisc seo chugainn.

Róis
Róis

Is ansin a bheidh an t-amhrán in iomaíocht leis na hamhráin nua-chumtha ag na tíortha Ceilteacha eile; ina measc Alba, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, An Chorn agus an Bhriotáin.

Ní foláir iarratais a sheoladh go leictreonach chuig pancelticcarlow@gmail.com nó dlúthdhioscaí a chur sa phost roimh 30 Nollaig, chuig:

Comórtas Amhrán Pan Cheilteach,

Glór Cheatharlach,

Áras na nÓg, Éire Óg,

Bóthar Uí Bhriain,

Ceatharlach R93 Y020.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach labhairt le Bríde nó Emma ar 087 2857048, 085 1340047, nó scríobh chuig  pancelticcarlow@gmail.com.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram