

Tá breis agus 600 othar atá ag fanacht ar chóir leighis práinneach ag dul gan leapacha in ospidéil.
As ár 86 ospidéal, tá othair ag 28 acu ar thralaithe nó ar chathaoireacha agus tá go leor acu sa Roinn Éigeandála, a dúirt Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann (Irish Nurses and Midwives Organisation, INMO).
Ciallaíonn sé sin go bhfuil cúnamh leighis láithreach ag teastáil uathu.

Tá leapacha de dhíth ar Ospidéal na hOllscoile, Luimneach, agus sin an cás is measa. Tá 118 othar ar thralaithe, 52 acu sa Roinn Éigeandála.
Bhí an líon is airde riamh de 98 othar ar thralaithe in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh Dé Máirt.
Dúirt feidhmeannach an IMNO Colm Porter: ‘Tá gá againn le dí-mhéadú láithreach.
‘Is ábhar mór imní é líon na n-othar a fhaigheann cóir leighis ar thralaithe, cathaoireacha agus ar leapacha míchuí eile.
‘Tá an cás seo ag cur brú ollmhór ar sheachadadh cúram sláinte tráthúil.’
Tá cáineadh déanta ag ceardchumainn na seirbhíse sláinte, an INMO, Fórsa agus SIPTU ar Straitéis Phá agus Uimhreacha (Pay and Numbers Strategy) an HSE (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) a chuireann moill ar níos mó foirne a thabhairt isteach sna hospidéil.
Faoin bplean tá teorainn le hearcú foirne agus ní líonfar poist neamhlíonta amhail ón 31 Nollaig 2023.
D’fhág sé sin 2,000 post altranais, a éilíonn sé mhí ar a laghad le líonadh, folamh.
Tá altraí faoi oiliúint ag taisteal thar lear le haghaidh post tar éis dóibh cáiliú mar thoradh díreach ar na pleananna seo de chuid an HSE, a dúirt foinsí ceardchumann.
Tá na srianta i bhfeidhm cé go bhfuil géarchéim foirne sa tsláinte le 641 othar gan leapacha.
Tá poist altranais a bhí ar fáil ó mhí Eanáir i mbliana fós le líonadh.
Tá ospidéil agus seirbhísí pobail ag caitheamh níos mó dá mbuiséad anois ar fhoireann gníomhaireachta (agency staff) costasach chun bearnaí a líonadh.
Tá uasteorainn de 129,753 post áitithe ar fud an chórais sláinte socraithe ag an Roinn Sláinte.
Dúirt Albert Murphy, stiúrthóir INMO ar chaidreamh tionsclaíochta: ‘Táimid ag dul i dtreo géarchéim sláinte eile. Dúirt ár mbaill san Ospidéal Náisiúnta Máithreachais go raibh foireann acu le haghaidh 5,000 breith anuraidh agus fós gur rugadh 8,000 leanbh.
‘Níl dóthain altraí sláinte phoiblí ann chun cúram a thabhairt do dhaoine ina dtithe agus sin é príomhaidhm an chúraim shóisialta.

‘Nílimid chun stop a chur leis na hagóidí seo agus beimid ag déanamh ballóide dár mbaill le haghaidh gníomhaíochta tionsclaíche mura nglacann an HSE dáiríre sinn.’
Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly an tseachtain seo caite go bhfuil an líon foirne cúram sláinte ag an líon is airde riamh agus nach raibh an oiread sin oibrithe sláinte ag Éirinn riamh cheana.
D’fhreagair an tUasal Murphy: ‘Tá sé fíor go bhfuil an líon is airde oibrithe sláinte againn ach tá sé chomh fíor céanna go bhfuil daonra níos mó againn agus go bhfuil méadú tagtha ar na héilimh ar sheirbhísí.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.