Cogadh iomlán: Ar dtús Iosrael, agus anois Meiriceá agus an Iaráin, ag ullmhú …

Tá ‘cogadh níos leithne’ sa Mheánoirthear, ar thug na Náisiúin Aontaithe foláireamh faoi, tosaithe cheana féin. An féidir é a stopadh?

Mar gheall ar roinnt ionsaithe sa Mheánoirthear le cúpla lá anuas tá faitíos roimh ‘cogadh níos leithne’, cogadh a mbeidh na Stáit Aontaithe agus a gcomhghuaillithe Eorpacha páirteach ann.

Rinne Iosrael feallmharú ar cheannaire Hezbollah, Hassan Nasrallah
Rinne Iosrael feallmharú ar cheannaire Hezbollah, Hassan Nasrallah

Sna heachtraí is déanaí:

•Tá Hamas tar éis freagracht a éileamh as ionsaí lámhaigh agus sá a mharaigh seachtar in Iosrael;

•Maraíodh triúr ar ionsaí ón aer Iosraelach sa Damaisc. Is é seo an dara hionsaí i dhá lá ar phríomhchathair na Siria;

•Chaith an Iaráin thart ar 200 diúracán ar Iosrael Dé Máirt agus gheall na Stáit Aontaithe agus Iosrael díoltas;

•Maraíodh ochtar saighdiúir Iosraelach tar éis ionradh talún sa Liobáin;

Tar éis ionsaí Hamas ar Iosrael beagnach bliain ó shin, an 7 Deireadh Fómhair anuraidh, a mharaigh 1,200 duine, tá fórsaí armtha Iosrael tar éis níos mó ná 41,000 duine a mharú i nGaza.

Ghearr siad amach freisin uisce, bia agus cúnamh leighis a ba chúis le galair i measc phobal na Palaistíne.

Agus d’ionsaigh siad tithe teaghlaigh, scoileanna agus ospidéil le hionsaithe diúracáin.

D’éiligh siad go raibh na hionsaithe seo dírithe ar cheannairí Hamas, agus tugadh tacaíocht dóibh le hairm ón iarthar.

Anois, rinne Iosrael feallmharú ar cheannaire Hezbollah, Hassan Nasrallah, agus chuir siad tús le hionradh talún ar an Liobáin.

Mar thoradh ar seo sheol an t-Iaráin 200 diúracán ag Iosrael.

Agus anois tá colúnaí sna meáin Mheiriceá ag caint faoi na Stáit Aontaithe a bheith ag baint níos dírí le hIosrael.

Bhí rialtas Joe Biden ag tabhairt rabhadh in aghaidh cogadh níos leithne go dtí seo, cé gur sheas sé le hIosrael.

Anois is cosúil go bhfuil rialtas Mheiriceá ag iarraidh dul i gceannas ar an gcogadh níos leithne.

Tá oifigigh tar éis ionsaithe Iosrael ar an Iaráin a chosaint.

‘Ó thaobh Iosrael de, tá muid i gcogadh réigiúnach ó 7 Deireadh Fómhair, agus is cogadh iomlán é anois an cogadh sin,’ a dúirt Michael Oren, iar-ambasadóir Iosrael go dtí na Stáit Aontaithe.

Cosúil le go leor a thacaigh le marú na mílte Palaistíneach le bliain anuas, luaigh Oren íospartaigh an t-Uileloscadh chun na maruithe a chosaint.

Dúirt  sé gur ‘cogadh dár marthanacht náisiúnta’ a bhí san ionsaí ar thíortha comharsanachta agus dúirt sé go bhfuil ‘dualgas’ ar an stát a leithéid de chogadh a bhuachan ‘mar gheall ar an Uileloscadh’.

Tá a fhios ag príomh-aire Iosrael Benjamin Netanyahu go dtacóidh riarachán Biden le hionsaí ar an Iaráin.

Is é is cúis leis seo ná gur thug na Meiriceánaigh níos mó diúracáin do réimeas Iosrael fiú tar éis na ollmharuithe i nGaza.

Cogadh: Benjamin Netanyahu
Cogadh: Benjamin Netanyahu

Ar an Máirt, dúirt Jake Sullivan, comhairleoir slándála náisiúnta Mheiriceá, gur theip ar ionsaí na hIaráine mar gheall ar iarrachtaí comhordaithe fórsaí Mheiriceá agus Iosrael.

‘Tá sé curtha in iúl againn go soiléir go mbeidh iarmhairtí – iarmhairtí tromchúiseacha – don ionsaí seo, agus oibreoimid le hIosrael chun é sin a dhéanamh,’ a dúirt sé, ag léiriú tacaíochta d’Iosrael.

Tá imní ar thráchtairí lasmuigh de na Stáit Aontaithe, áfach, in ainneoin gur toghadh uachtarán measartha nua san Iaráin, go gcuirfidh na hionsaithe le déanaí ina luí ar na ceannairí éisteacht leis na Gardaí Réabhlóideacha Ioslamacha agus seasamh níos déine a ghlacadh.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram