Tar éis molta do Kneecap, anois deir Elton go bhfuil  grúpa Éireannach ‘an banna is fearr ar domhan’

17/09/2024

Agus é ag caint le Grian Chatten as Fontaines DC dúirt Elton John leis go bhfuil siad san áit cheart anois

Mhol Elton John Kneecap le déanaí agus anois tá banna Éireannach eile á mholadh ag an ‘Rocket Man’.

Tá na racairí Éireannacha Fontaines DC ainmnithe aige mar, ‘an banna ceoil is fearr’ ar domhan faoi láthair.

Tá an banna Éireannach ag dul i bhfeidhm go seasta ar lucht leanúna an rac-cheoil ó tháinig a gcéad albam, Dogrel, amach cúig bliana ó shin, i 2019.

Elton John
Elton John

Anois, tar éis dóibh a gceathrú halbam, Romance, a eisiúint, tá na racairí iar-phonc ag fáil moladh ó chuid de na réaltaí is mó i saol an cheoil dhomhanda.

Agus is dócha gurb é an moladh is iontach atá acu go dtí seo, ná an ceann ó Elton John.

Thug Elton ardmholadh do Kneecap cheana féin. Dúirt sé go mbeidh an banna rap Gaeilge ina ‘bhanna mór’.

Ag an am sheinn sé a n-amhrán, Better Way to Live, ar a seó raidió, Rocket Hour, ar Apple Music.

Dúirt sé: ‘Is as Béal Feirste do Kneecap agus cuireann siad le chéile liricí hip-hop aoir (satirical) agus comhfhiosach sóisialta (socially conscious).

 ‘Tá siad go hiontach.’

Agus anois, ag labhairt dó leis an bpríomhamhránaí ag Fontaines DC, Grian Chatten, mar chuid dá phodchraoladh, bhí moladh iontach ag an amhránaí don bhanna.

Fontaines DC
Fontaines DC

‘Maidir liomsa, agus táim ag faire ort ag fás ó albam go halbam, is sibhse an banna atá tar éis dul chun cinn mór a dhéanamh go ceolmhar, go liriceach, beo agus le gach aon albam,’ a dúirt Elton le Grian, a thagann as Baile Átha Cliath ó dhúchas.

‘Dom féin, is sibhse an banna ceoil is fearr amuigh ansin faoi láthair, tar éis féachaint oraibh ag Glastonbury, tar éis an albaim nua a chloisteáil.

‘Tá sibh díreach tar éis éirigh níos fearr le gach albam, agus sibh ag fás i gcónaí. Is cosúil go bhfuil bhur áit ar domhan aimsithe agaibh leis an albam seo,’ a dúirt Elton.

Ag cur síos ar an áit atá an banna faoi láthair, dúirt Grian go bhfuil siad ‘chompordach’.

Kneecap
Kneecap

Dúirt sé nach mothaíonn sé go bhfuil sé ‘ar thóir clú le taifead eile’ faoi láthair.

‘Níl fonn orm an chéad cheann eile a dhéanamh, táim ag baint suilt as a bheith sásta leis an cheann seo faoi láthair, a dtuigeann tú?’

Agus é ag moladh an t-albam Romance, dúirt Elton: ‘Sílim gurb é seo an t-albam a n-éiríonn libh dul chun cinn a dhéanamh leis, ó thaobh meas an phobail de. Agus tá an ceol ann chomh hiontach,’ a dúirt Elton.

Dúirt sé go bhfuil an t-albam ‘chun a bheith thart ar feadh i bhfad.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram