

B’fhéidir nach é an rogha ag formhór na ndaoine é, agus cupán tae á fháil acu – ach is fearr bainne soighe (soya) duit ná bainne na bó.
D’fhéadfadh brú fola feabhsaithe agus leibhéil athlasadh (inflammation) níos ísle a bheith mar thoradh ar bhainne soighe (soya) a úsáid in ionad bainne bó, dar le staidéar.
Agus fuair sé amach go raibh, ar an meán, an mhéid iomlán siúcra i mbainne soighe (soya) thart ar 60% níos lú ná bainne bó.
Tháinig tóir ar bhainne soighe (soya), a dhéantar as pónairí soighe (soya), sna 1990í mar mhalairt ar bhainne déiríochta traidisiúnta a ól.

Mar sin féin, tháinig laghdú ar díolachán le tamall anuas tar éis é a rangú mar ‘bhia ultraphróiseáilte (‘ultra-processed food)’.
Ag an am, bhí sé seo toisc go raibh siúcra breise ann go minic, ach ní i gcónaí.
Tá éileamh méadaithe freisin ar roghanna eile in ionad bainne déiríochta, mar shampla deochanna almóinn (almond) agus coirce (oat).
Rinne taighdeoirí in Ollscoil Toronto imscrúdú ar na héifeachtaí sláinte a bhaineann le bainne soighe (soya) a úsáid in ionad bainne bó.
Rinne siad anailís mhór ar 17 dtriail roimhe seo a raibh baint ag níos mó ná 500 duine leo.
Ba é meánré gach trialach ná ceithre seachtaine agus d’ól na rannpháirtithe 500ml bainne ar an meán – déiríochta nó soighe (soya) – in aghaidh an lae.

Fuair an fhoireann amach go raibh baint ag bainne soighe (soya) le laghduithe ar leibhéil cholaistéaróil.
Chomh maith leis sin laghdaigh sé brú fola agus léirigh sé athlasadh níos ísle.
Mar thoradh air sin, molann na húdair go ndéanfadh lucht déanta beartas machnamh ar bhainne soighe (soya) treisithe (fortified) a dhíolmhú ó bheith rangaithe mar bhia ultraphróiseáilte’ mar go bhféadfadh an rangú seo ‘a bheith míthreorach (misleading)’.
Chuir siad leis go raibh, ar an meán, ar fud na staidéar, an mhéid iomlán siúcra i mbainne soighe (soya) thart ar 60% níos lú ná sin de bhainne bó.
Agus iad ag scríobh san iris BMC Medicine, dúirt foireann Cheanada: ‘Tugann an fhianaise reatha le fios go bhféadfadh buntáistí a bheith ann do shláinte na fola, brú fola agus athlasadh i ndaoine fásta má chuirtear bainne soighe (soya) in ionad bainne bó.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.