Ní féidir le lánúin ar phá €100,000 teach a cheannach, léiríonn suirbhé

14/08/2024

Fiú amháin le coigilteas (savings) agus tacaíochtaí Stáit, bíonn deacrachtaí ag beirt atá ag obair le deich mbliana anuas, a dteach féin a fáil

Níl  sé d’acmhainn ag lánúin a thuilleann €107,000 eatarthu teach a cheannach, dar le tuarascáil san Irish Examiner.

Léirítear sa tuarascáil nach féidir le  lánúin gnáth-theach trí sheomra leaba a cheannach in Éirinn, fiú má tá éarlais (deposit) sábháilte acu agus má bhaineann siad leas as scéimeanna tacaíochta an Rialtais.

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW
Tá praghsanna arda tithe ag méadú i gcónaí
Tá praghsanna arda tithe ag méadú i gcónaí

Tógadh sampla do garda agus altra, le 10 mbliana seirbhíse agus ioncam €107,000 acu.

Fuarthas amach in anailís a rinne gníomhairí eastáit agus suirbhéirí cairte (chartered surveyors) na hÉireann nach bhfuil sé d’acmhainn acu teach a cheannach ach i gceann amháin as cúig chontae sa tástáil.

Scrúdaíodh sa tuarascáil ó Chumann Suirbhéirí Cairte na hÉireann (Society of Chartered Surveyors of Ireland, SCSI) costas tithe nua fo-uirbeacha (suburban) i gCorcaigh, i nGaillimh, sa Mhí, i gCill Dara agus i gCill Mhantáin (Wicklow).

D’úsáid siad, mar shampla, lánúin a bhí ag iarraidh teach leathscoite trí sheomra leaba a cheannach, a riabh an éarlais 10% acu agus a bhain leas as an scéim Cabhair le Ceannach (Help to Buy).

Mar sin féin, fuair siad amach nach bhféadfadh siad teach a cheannach ach sa Mhí, agus fiú ansin bhí orthu tacaíocht a fháil ó Scéim an Chéad Bhaile (First Home Scheme).

Agus cé go bhfuil níos mó tithe á dtógáil, fuarthas amach sa tuarascáil go bhfuil rudaí ag dul in olcas do lánúin atá ag iarraidh teaghlach a thosú ina dteach féin.

‘An bhliain seo caite inár gcás-staidéar d’fhéadfadh an lánúin ceannach i dtrí cinn de na láithreacha gan tacaíocht ó Scéim an Chéad Bhaile (First Home Scheme),’ a dúirt leas-uachtarán SCSI Gerard O’Toole.

‘I mbliana, níl teach nua ar phraghas réasúnta ach i gceann amháin, agus sin le tacaíocht.’

Fadhb amháin atá ann ná go bhfuil praghsanna arda tithe ag méadú i gcónaí, dar leis an Irish Examiner.

Críochnaíodh 32,695 teach nua anuraidh, méadú 10% ar 2022
Críochnaíodh 32,695 teach nua anuraidh, méadú 10% ar 2022

Críochnaíodh 32,695 teach nua anuraidh, méadú 10% ar 2022, dar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO).

Mar sin féin, tháinig méadú 144.5% ar phraghsanna tithe ó 2013 agus tá siad ard i gcónaí agus táthar ag súil go n-ardóidh siad 4.5% i rith na bliana seo chugainn.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram