

Is bua í an bhabhtáil phríosúin (prison swap) idir Meiriceá agus an Rúis – agus tíortha eile páirteach ann – do Joe Biden, agus do Vlaimir Putin freisin.
Ar rud amháin, ag am atá na hIosraelaigh ag marú naimhde i dtíortha iasachta, le tacaíocht Mheiriceá, glacann an comhaontú seo le ceart na Rúise an rud céanna a dhéanamh.
Níl meas ag ceachtar taobh ar chearta tíortha eile, de réir dealraimh.

Chuir Uachtarán Mheiriceá Joe Biden agus Kamala Harris, an leas-uachtarán, fáilte roimh na Meiriceánaigh a scaoileadh saor ó choimeád na Rúise.
Ina measc bhí tuairisceoir an Wall Street Journal Evan Gershkovich.
Tháinig siad i dtír ag Joint Base Andrews i Maryland oíche Déardaoin.
‘Tá a gcruachás brúidiúil thart, agus tá siad saor,’ a dúirt Biden níos luaithe sa lá.
Bua taidhleoireachta (diplomatic) do Biden a bhí sa chomhaontú seo.
Tháinig sé le chéile tar éis caibidlíochtaí ilchasta a raibh baint acu le seacht dtír.
Gheall Biden le fada go dtabharfaidh sé Meiriceánaigh i bpríosún abhaile.
Scaoil an Rúis 16 dhuine saor san iomlán, agus mar mhalairt air sin scaoil an tIarthar ochtar saor.
Ba iad na Meiriceánaigh a scaoileadh saor Gershkovich, 32; Alsu Kurmasheva, 47, eagarthóir Meiriceánach na Rúise do Radio Free Europe/Radio Liberty, a gabhadh freisin anuraidh; agus an saoránach Éireannach Paul Whelan, a gabhadh in 2018.
I ráiteas, ghabh teaghlach Gershkovich buíochas le Biden agus le hoifigigh eile as cuidiú lena scaoileadh saor tar éis 16 mhí i bpríosún sa Rúis.

Tar éis dó éirí den eitleán agus labhairt le Biden agus Harris, chuaigh Gershkovich lena teaghlach.
Ba é bunchloch an chomhaontaithe don Rúis scaoileadh an fheallmharfóra (assassin) Vadim Krasikov as príosún Gearmánach, rud a bhí á lorg ag an Uachtarán Vladimir Putin le fada an lá.
Rinne an Rúis dlí i 2006 a cheadaigh go foirmiúil marú thar lear.
I súile an Kremlin, bhí feallmharú Krasikov i mBeirlín ar cheannaire Seisniach (Chechen leader) dlisteanach.
Mar sin is bua a bhí sa mhargadh do Putin, ar féidir leis é a úsáid chun aird a tharraingt ar a dhílseacht do ghníomhairí Rúiseacha a ghabhtar thar lear.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.