Ceacht Fraincise: Tá Mná na hÉireann ag buachan arís

16/07/2024

Bhí feachtas deacair idirnáisiúnta ag foireann na hÉireann go dtí seo ach d’athraigh sé sin le bua iontach in aghaidh na Fraince i bPáirc Uí Chaoimh

Bhuaigh Mná na hÉireann in aghaidh na Fraince ina gcluiche cáilithe do Euro 2025 i bPáirc Uí Chaoimh i gCorcaigh.

Tá Mná na hÉireann ar ais ag buachan cluichí agus fuair siad trí chúil iontacha.

Bhí an Captaen Katie McCabe ar ais agus daoine ag tnúth le rudaí iontacha uaithi, ach tabhair seans di, bhí oíche chiúin aici go luath sa chluiche.

ire1

Tháinig na cúil iontacha ó Denise O’Sullivan, Julie-Ann Russell agus Anna Patten.

Mar fhreagra, ní fhéadfadh mná na Fraince ach cúl amháin a fháil, tráthnóna Dé Máirt.

 Rinne na himreoirí agus a mbainisteoir Eileen Gleeson an bua a cheiliúradh le paisean toisc gurbh é a gcéad bua d’fheachtas deacair, agus rachaidh sé chun tairbhe dóibh sna cluichí móra san fhómhar.

Ní raibh mórán le déanamh ag cúl báire ceachtar den dá thaobh sa chéad leath, agus bhí sé leadránach go leor go háirithe ó fhoireann na Fraince.

Níor chruthaigh Mná na hÉireann mórán ach an oiread sa chéad leath agus, mar a dúirt mé, bhí Katie McCabe ciúin.

Is a mhalairt a bhí i gceist le Denise O’Sullivan. Rinne sí an-iarracht an chluiche a chur faoi bhráid na gcuairteoirí ach bhí sprioc ar leith aici – bí 60 dá teaghlach áitiúil sna seastáin ag faire.

‘Nó pressure, Denise!’ mar a deirtear.

Thosaigh an dara leath níos fearr d’fhoireann na hÉireann, le beagán níos mó ionsáite le feiceáil agus luach saothair nuair a d’oscail laoch an bhaile dúchais Denise O’Sullivan an scóráil le cúl iontach.

Tar éis cic iontach ar imeall an cheantair ó Julie-Ann Russell shocraigh O’Sullivan í féin go foirfe lena chéad teagmháil sular chuir sí an liathróid isteach sa chúinne íochtair.

Agus tar éis 76 nóiméad bhí an lámh in uachtar faoi dhó ag foireann na hÉireann, nuair a scóráil Russell a dara chúl i gcúig lá.

An bua ag Mná na hÉireann
An bua ag Mná na hÉireann

Cé go bhfuair na Francaigh cúl amháin trí nóiméad ina dhiaidh sin mar gheall ar bhotún Vicki Becho, ní raibh sé tábhachtach mar chuir foireann na hÉireann an tríú cheann isteach sa 90ú nóiméad.

An uair seo thóg Anna Patten cic cúinne  agus fuair Megan Connolly a céad chúl idirnáisiúnta, fiú má bhuail an liathróid Geyoro agus é ag dul isteach.

Ba bhua maith é bua 3-1 d’fhoireann na hÉireann agus Eileen Gleeson i bhfeachtas cáilitheach deacair go dtí seo.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram