

Nuair a bhí an tionchaire (influencer) Morgan Riddle ag faire ar cheann de na cluichí is siamsúla de chuid Wimbledon go dtí seo, ní rabhthas ag súil go raibh sí ar tí a bheith i lár an aonaigh.
Cath cúig-seit a bhí sa chluiche, chun áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais, idir beirt imreoir clúiteacha leadóige.
Chuaigh Taylor Fritz ó Mheiriceá, páirtí Riddle, i gcion ar an slua ag an ‘Centre Court’ Dé Luain, tar éis dó teacht ar ais ó chailliúint go dona.

D’éirigh leis ansin an bua a fháil ar an imreoir Gearmánach, Alexander Zverev.
Ach ansin ba í Riddle a bhí i lár achrann le Zverev.
Bhí an chuma ar an scéal go ndearna Riddle, a bhfuil tionchar cáiliúil aici, trácht ar Zverev, atá mar Uimhir 4 ar an Domhan, faoi líomhaintí drochíde baile (domestic abuse) a cuireadh ina aghaidh.
Shéan Zverev aon éagóir. An mhí seo caite tháinig sé ar shocrú lasmuigh den chúirt lena iar-pháirtnéir, Brenda Patea, a chuir ina leith gur ionsaíodh í.
Tá os cionn 17 milliún ‘likes’ le TikTok ag Riddle, atá 26 bliain d’aois.
Tar éis do Zverev an cluiche in aghaidh páirtí Riddle a chailleadh phostáil sí físeán ar Instagram ag taispeáint di ag baint sult as deoch, leis an bhfotheideal: ‘When ur man wins 4 the girls.’
Níos luaithe roinn Riddle pictiúr den chúirt leis an teachtaireacht: ‘Cheer loud ladies.’
Tógadh an dá phost anuas go luath tar éis iad a chur suas.
Bhí an chuma ar Zverev ansin go ndearna sé a cháineadh féin ag Riddle.
Dúirt sé: ‘Sílim go bhfuil daoine áirithe sa bhosca nach as an saol leadóige iad, nach bhfuil… ag breathnú ar gach cluiche.
‘Bhí siad beagán thar barr,’ a dúirt sé ag preasagallamh tar éis an chluiche.

Rinne Riddle iarracht an teannas a dhíleá, ag postáil: ‘Maidir le mo scéalta [Instagram] inné … thóg mé síos iad chomh luath agus a thuig mé an mhíthuiscint. . .
‘Ní raibh siad faoi rud ar bith a tharla as an gcúirt leadóige agus níl aon nimh san fheoil ann.’
Chuir imreoir leadóige, Olga Sharypova, atá ina iar-chailín do Zverev, líomhaintí faoi drochíde baile (domestic abuse) ina leith freisin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.