Roghnaíonn Fine Gael an Gaeilgeoir Seán Kyne le bheith ina Leascheannaire ar an Seanad

27/06/2024

Tá ceapachán Seán Kyne mar cheannaire Fhine Gael sa Seanad ag cuidiú le níos mó Gaeilge a thabhairt go poist thábhachtacha sa Rialtas

Tá ardú na Gaeilge sa Rialtas ag leanúint ar aghaidh – agus an uair seo is iad Fine Gael atá ag déanamh na n-athruithe.

Tá Seanadóir na Gaillimhe an Gaeilgeoir Seán Kyne ceaptha ina Leascheannaire ar an Seanad agus ina Cheannaire ar Ghrúpa Fhine Gael ag an Taoiseach Simon Harris.

Jack Chambers, aire le Gaeilge
Jack Chambers, aire le Gaeilge

Bhí an Seanadóir Kyne ina Phríomh-Aoire an Rialtais agus ina Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht roimhe seo ó Dheireadh Fómhair 2018 go Meitheamh 2020.

Roimhe sin bhí sé ina Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta agus Acmhainní Nádúrtha i 2016.

Tagann sé seo i ndiaidh an Gaeilgeora Jack Chambers a bheith ceaptha ina Aire Airgeadais. Tá Chambers ina iar-Aire Gaeltachta agus Gaeilge.

Ciallaíonn ceapachán Chambers go bhfuil trí cinn de na poist ríthábhachtacha sa Rialtas líonta ag Airí a bhíonn le cloisteáil go minic ar an raidió agus ar an teilifís ag labhairt Gaeilge.

Is iad sin Chambers, Daragh O’Brien i dTithíocht agus an Tánaiste Micheál Martin.

Cé go mbíonn baill d’Fhianna Fáil agus Shinn Féin le cloisteáil go rialta sna meáin Ghaeilge níl an oiread sin i bhFine Gael le cloisteáil faoi láthair, taobh amuigh den Seanadóir Barry Ward agus Seán Kelly FPE.

Go deimhin, le linn an athaontaithe (reshuffle) tar éis do Simon Harris a bheith ceaptha ina Thaoiseach bhí an chuma ar an scéal nach raibh duine ar bith ag an bpáirtí sa Dáil chun post an Aire Gaeltachta a líonadh.

Dúradh ag an am gur thug siad an post mar ‘bhronntanas’ d’Fhianna Fáil – a cheap Thomas Byrne go tapa, fear a chuir fuinneamh athnuaite don phost tar éis Patrick O’Donovan.

Glacann an Seanadóir Kyne ón bhFeisire nuathofa Regina Doherty.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris: ‘Tá mé ag obair go dlúth le Seán le blianta fada ó toghadh muid beirt chun na Dála i 2011.

‘D’fhóin Seán taobh liom sa Chomh-Aireacht mar Phríomh-Aoire agus mar Aire Stáit,’ a dúirt sé.

‘Leis an taithí atá aige ar fud an Oireachtais, déanfaidh sé ceannaire breá sa Seanad, agus tá an t-ádh dearg orainn duine dá chaighdeán a bheith againn.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram