

Gabhadh Justin Timberlake i Nua-Eabhrac mar gheall ar líomhaintí go raibh sé ag tiomáint agus é ar meisce.
Dúirt póilíní gur chonacthas don chéad uair é nuair a theip air fanacht ina lána agus theip air stopadh ag comhartha stad.
Gabhadh an t-aisteoir agus réalta pop, atá 43 bliain d’aois, go luath maidin Dé Máirt i sráidbhaile saibhir Sag Harbour i Nua-Eabhrac, de réir Robert Drake, ceannasaí áitiúil na bpóilíní.
Coinníodh Timberlake thar oíche agus cuireadh é ar an eolas faoi na cúisimh choiriúla ina choinne ar maidin sular scaoileadh saor é.

Bhí Timberlake, arb as Tennessee dó, ag tiomáint BMW 2025 nua, ag an am.
Scaoileadh saor é ar a chúirtbhanna féin (his own recognisance) níos déanaí.
Tá an réalta a bhfuil cáil air as an amhrán, Cry Me A River, ar camchuairt i Meiriceá faoi láthair agus beidh sé ag ceolchoirmeacha san Eoraip an mhí seo chugainn, lena, ‘The Forget Tomorrow World Tour’.
Cuimsíonn an chuid Eorpach den chamchuairt, a thosóidh in Krakow, an Pholainn an 26 Iúil, seónna i mBirmingham agus Manchain (Manchester) chomh maith le dhá dháta ag an O2 i Londain i mí Lúnasa, ach ní bheidh sé ag seinm in Éirinn.
Bhain Timberlake, atá ina bhuaiteoir Grammy, cáil amach ar dtús mar bhall den bhanna buachaillí NSYNC.
Sheol sé a albam aonair is déanaí, Everything I Thought It Was, i mí an Mhárta.
Tá cáil air freisin mar gheall ar a chuid léirithe i scannáin lena n-áirítear The Social Network (2010) agus Friends With Benefits (2011).
Táthar tar éis dul i dteagmháil le hionadaithe Timberlake chun tuairimí a fháil faoin eachtra, dar le gníomhaireacht nuachta an Press Association.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.