Scaradh aisteach le haghaidh Baron Cohen agus a bhean chéile

07/04/2024

Tá triúr clainne ag Sacha Baron Cohen agus Isla Fisher agus rinne siad cur síos ar a bpósadh ar feadh 14 bliana mar ‘chluiche fada leadóige’.

Tá Sacha Baron Cohen faoi bhrú maidir le héilimh go rinne sé rudaí mícheart agus é ag gníomhú le Rebel Wilson – agus anois tá fógra scartha aisteach déanta aige.

D’fhógair Baron Cohen agus a bhean Isla Fisher a scaradh tar éis 14 bliana pósta – ar Instagram agus iad ag caitheamh éadaí leadóige (tennis clothes).

Rebel Wilson
Rebel Wilson

Thosaigh an ráiteas: ‘Tar éis cluiche leadóige fada a mhair níos mó ná 20 bliain, tá muid ag cur ár raicéid síos ar deireadh.’

Tá aithne ar Baron Cohen, 52, mar gheall ar a charachtair Ali G agus Borat. Tá triúr leanbh aige leis an aisteoir Astrálach Fisher, 48, le chéile.

Bhí ráflaí ann cheana féin go raibh siad chun scaradh tar éis dóibh freastal ar pháirtithe Oscar difriúil níos luaithe i mbliana.

I gcomhráiteas, dúirt an lánúin: ‘I 2023, rinneamar comhdú (filed) chun deireadh a chur lenár bpósadh.

‘Thugamar tosaíocht (priority) i gcónaí dár bpríobháideacht agus bhíomar ag obair go ciúin tríd an athrú seo. Roinnimid go deo inár ndílseacht (devotion) agus inár ngrá dár bpáistí. Is mór an meas atá againn ar mhian ár dteaghlach ar phríobháideachas.’

Ach, tagann an fógra tar éis líomhaintí ón aisteoir Rebel Wilson in a leabhair nua, Rebel Rising.

Bhí Wilson i ról cailín Baron Cohen sa scannán grinn The Brothers Grimsby, a rinneadh in 2016, agus a bhí faoi stiúir Louis Leterrier.

Sacha Baron Cohen le Rebel Wilson
Sacha Baron Cohen le Rebel Wilson

Scríobh sí caibidil ina leabhar faoi Baron Cohen. Dúirt sí, agus an scannán á déanamh aici, go n-iarrfadh Baron Cohen uirthi a cuid éadaí a bhaint dí le haghaidh radhairc, in ainneoin na rialach a bhí aici nach ndéanfadh sí radhairc nocht (nude scenes).

Diúltaíonn Baron Cohen go láidir go ndearna sé drochíde ar Wilson nó gur chuir sé brú uirthi a bheith nocht sa scannán.

Phós Fisher agus Baron Cohen i bPáras i 2010.

Mar ullmhúchán dá bpósadh, d’iompaigh Ms Fisher chuig an nGiúdachas. Is tuismitheoirí iad dá n-iníonacha Olive, 17, Elula, 13, agus a mac Montgomery, 9, agus tá cónaí orthu idir Londain, Sydney agus LA.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram