

Tá an tAire Oideachais Paul Givan, ball den DUP, fear a ghearr maoiniú don Ghaeilge uair amháin, tar éis na teanga a mholadh anois.
Bhí sé ag labhairt le daltaí i mbunscoil Ghaeilge, Gaelscoil Aodha Rua, i nDún Geanainn, i gContae Thír Eoghain (Dungannon, in County Tyrone).
Ghuigh sé ‘maidin mhaith’ i nGaeilge ar na daltaí, agus nuair a bhí na páistí ag casadh amhráin agus damhsaí dó chuaigh sé isteach sa rince céilí.

Beannaigh an príomhoide, Móna Uí Dhochartaigh, dó.
Dúirt sí go raibh súil aici go dtabharfadh a chuairt léargas maith dó ar earnáil (sector) na Gaelscoileanna ar fad.
Ag labhairt Béarla dó dúirt sí: ‘Is ea ‘aire’ an focal do ‘minister’ i nGaeilge. Trí sheans (coincidentally), ciallaíonn an focal sin ‘care’ freisin, nó aire a thabhairt, agus tá súil agam, ag bogadh ar aghaidh, go dtabharfaidh an tAire aire do na páistí in earnáil na Gaelscoileanna ar bhealach cothrom agus cóir.’
Ocht mbliana ó shin, agus é ina Aire Pobail (Community Minister), bhí an tUasal Givan conspóideach nuair a ghearr sé scéim Ghaeilge €58,000 darb ainm Líofa.
Ar an gCéadaoin, dúirt sé go raibh sé sin, ‘rud éigin nach raibh baint aige leis an bpolaitíocht ag an am, a tháinig chun bheith polaitiúil’.
Dúirt sé: ‘Is léir go bhfuilim ag cur amach go soiléir ná teachtaireacht go mbeidh mé i m’Aire Oideachais dár n-earnálacha go léir.’
Dúirt sé freisin gur choinnigh Preispitéirigh ó Albain an teanga bheo.

‘Sílim go bhfuil sé tábhachtach go gcuimhnímid nach bhfuil teanga ar leith ag pobal ar leith amháin i dTuaisceart Éireann. Tá luach aige ar fud ár bpobal i dTuaisceart Éireann,’ a dúirt sé.
‘Tá sé tábhachtach go ndéarfaimis nár cheart an Ghaeilge a bheith polaitiúil. Is rud é a chreidim gur féidir a bheith ina teanga chomhroinnte do chách i dTuaisceart Éireann.’
D’oscail Gaelscoil Aodha Rua i 2011 agus gan ach 12 páiste aici agus anois cuireann sí oideachas ar 135 dalta, chomh maith le 24 sa naíonra.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.