Iar-shagart ó Bhóthar na Trá (Salhill) i nGaillimh Michael O’Flaherty tofa ina Choimisinéir um Chearta an Duine don Eoraip

26/01/2024

Deir an coimisinéir nua Michael O’Flaherty go bhfuil cearta daonna níos tábhachtaí inniu mar go bhfuil an córas daonnachtúil á dhiúltú

Is é an tOllamh Michael O’Flaherty ó Bhóthar na Trá (Salhill), Co na Gaillimhe, Coimisinéir um Chearta an Duine nua do Chomhairle na hEorpa.

Nuair a toghadh é dúirt an tOllamh O’Flaherty gur rud tábhachtach é go dtagann an coimisinéir nua as Éirinn, mar nach bhfuil ceannasaíocht choilíneachta (colonial domination) aici agus go bhfuil dúshláin ina stair lena n-áirítear an t-ocras (starvation).

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW
Tánaiste Micheál Martin leis an Ollamh Michael O’Flaherty
Tánaiste Micheál Martin leis an Ollamh Michael O’Flaherty

Toghadh an gníomhaí cearta daonna (human rights activist) agus iar-shagart don phost ag Tionól Parlaiminteach na Comhairle (Council’s Parliamentary Assembly) i Strasbourg an tseachtain seo.

D’fhreastail an tOllamh O’Flaherty ar scoil i Scoil Iognaid i gcathair na Gaillimhe, agus ar Willow Park School agus ar Blackrock College i gCo Baile Átha Cliath.

Oirníodh (ordained) ina shagart Caitliceach é i 1987, ach d’fhág sé an tsagartacht chun dul i mbun obair chearta an duine sna 1990idí.

Tá O’Flaherty ina Ollamh le Dlí Cearta Daonna ag Ionad na hÉireann um Chearta an Duine in Ollscoil na Gaillimhe ó mhí Feabhra 2013.

Ciallaíonn teacht as Éirinn go dtagann an coimisinéir ó thír bheag nach bhfuil stair de cheannas na coilíneachta aici
‘Ciallaíonn teacht as Éirinn go dtagann an coimisinéir ó thír bheag nach bhfuil stair de cheannas na coilíneachta aici’

Is institiúid neamhbhreithiúnach neamhspleách neamhchlaonta (independent agus impartial agus non-judicial) é an Coimisinéir um Chearta an Duine a bhunaigh Comhairle na hEorpa i 1999 chun feasacht (awareness) ar chearta an duine agus meas ar chearta an duine a chur chun cinn ar fud 46 ballstát na Comhairle.

Roimhe seo bhí roinnt post sinsearach ag an Ollamh O’Flaherty sna Náisiúin Aontaithe, agus bhí sé ina Phríomh-Choimisinéir ar Choimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine.

Dúirt sé leis an Irish Times go raibh a thaithí sa Tuaisceart ina ullmhúchán riachtanach don phost mar go gcabhraíonn sé le ‘droichid a thógáil agus muinín a bhunú trasna pobail roinnte’.

Dúirt sé go bhfuil sé suntasach d’fhigiúr Éireannach an post a shealbhú.

‘Ciallaíonn teacht as Éirinn go dtagann an coimisinéir ó thír bheag nach bhfuil stair de cheannas na coilíneachta aici, tír a raibh eolas aici ar dhúshláin ollmhóra i rith na staire, an t-ocras san áireamh,’ a dúirt an tOllamh O’Flaherty.

Micheal Martin 1 480x672 2
D’fháiltigh Micheál Martin roimh cheapachán an Ollaimh a rinne obair an-tábhachtach ‘i roinnt post ardleibhéil i réimse chearta an duine’.

‘Tá taithí againn ar Chomhaontú Bhéal Feirste-Aoine an Chéasta agus ar an bpróiseas síochána a thugann ceachtanna thar a bheith ábhartha do go leor sochaithe (societies) eile atá ag tabhairt aghaidh ar choimhlint.’

D’fháiltigh an Tánaiste Micheál Martin roimh cheapachán an Ollaimh O’Flaherty a rinne obair an-tábhachtach ‘i roinnt post ardleibhéil i réimse chearta an duine’.

Dúirt an tOllamh O’Flaherty leis an Irish Times freisin: ‘Tá ról an choimisinéara thar a bheith tábhachtach sa lá atá inniu ann, tráth go bhfuil  mí-úsáidí cearta daonna ann agus chomh maith leis sin go bhfuil diúltú ag daoine  don chóras cearta daonna.’

Bhuaigh an tOllamh O’Flaherty le 104 vóta as 211 i vóta de chuid thionól parlaiminteach Chomhairle na hEorpa oíche Dé Céadaoin, ag cur in aghaidh na n-iarrthóirí iomaíochta Meglena Kuneva na Bulgáire agus Manfred Nowak na hOstaire.

Rachaidh sé i mbun an phoist ar 1 Aibreán.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram