

Is é Geansaithe Móra, foilsithe ag Leabhair Comhar, an chéad cnuasach splanc ficsean a foilsíodh as Gaeilge riamh.
Úsáidtear an tearma splanc ficsean do scéal níos giorra ná míle focail, ach is féidir le scéalta áirithe a bheith i bhfad níos giorra ná sin.
Tá réimse leathan scéalta sa chnuasach seo: scéalta an-ghearr agus scéalta níos faide, scéalta troma agus scéalta níos éadroma, scéalta a leanann patrún traidisiúnta agus scéalta nach leanann.

Tá Ballaí an Tí, mar shampla, leagtha amach idir céimeanna damhsa céilí, le fotheidil maidir le amach, amach, isteach, isteach, agus luascadh, agus tá scéal eile i bhfoirm fógra báis (Fógra Báis don Té a Bhíodh).
Insíonn Ballaí an Tí scéal pósta briste, agus is scéal dáiríre é scéal an teidil, Geansaithe Móra, freisin, faoin cailín óg (cuireann tiománaí an bhus an ceist uirthi an bhfuil sí faoi sé bliana déag) atá ag ceannach geansaithe móra chun a toircheas (pregnancy) a chumhdach, ach tá cuspóir eile aici sa cathair freisin – “tá an abhainn ag glaoch (uirthi).
I Snáithe a Smaointe, casann beirt stráinséir ar an traein, agus an beirt acu ag insint bréaga faoin cad a bheidh á dhéanamh acu san ardchathair.

Scéal níos éadroim é Rialacha an Tí freisin, ina feictear cúpla nóiméad i gnáthshaol cailín beag agus comhartha geana neamhairdiúila óna máthair.
Scríobhtar go leor ficsean eolaíochta i bhfoirm splanc ficsean, agus tá Abair Scéal suite sa todhchaí, nuair a bhfuil sé chomh te mar gheall ar an téamh domhanda nach bhfuil daoine in ann an teach a fhágáil roimh 9in, agus bean ag insint scéal dá gariníon faoin carr a bhí aici nuair a bhí sí óg.
Is scríbhneoir iontach é Gearóidín Nic Carthaigh, le máistreacht ar an teanga.
Tá na scéalta go léir an-chliste, le cora céille, agus is féidir leat tú féin a shamhlaigh in áit na carachtair.
Tá 34 scéal sa chnuasach seo – 34 domhain beag chun sult a bhaint as.
Déan gar duit féin agus ceannaigh cóip Geansaithe Móra – beidh áthas ort gur cheannaigh!
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.