

Cheannaigh baill d’fhoireann GoFundMe cúpla pionta don laoch Deliveroo, an tiománaí Caio Benicio, i mBaile Átha Cliath chun freagairt dochreidte d’fheachtas ar a shon a cheiliúradh.
Agus é ag ól pionta ag The Ferryman Pub i gCeantar na nDugaí (Docklands) i mBaile Átha Cliath, bhí Caio leis an fhoireann chun an rath a bhí ar a leathanach GoFund Me, atá os cionn €360,000 anois, a cheiliúradh – agus é ar an dara feachtas is rathúla i mbliana.

D’úsáid an tiománaí Deliveroo a clogad (helmet) mar arm in aghaidh fear a d’ionsaigh bean agus triúr leanaí le scian i mBaile Átha Cliath ar an 23 Samhain.
Gortaíodh an triúr leanaí agus an t-oibrí cúraim san eachtra, taobh amuigh de scoil ar Chearnóg Parnell Thoir, agus tá cailín amháin, atá cúig bliana d’aois, fós i riocht criticiúil san ospidéal.
Cuireadh leathanach GoFundMe ar bun chun ‘pionta a cheannach do Caio Benicio’ mar bhuíochas as a ghníomh misniúil.
Dhearbhaigh Caio an tseachtain seo caite go bhfuil teagmháil déanta aige le teaghlaigh íospartaigh an ionsaí, chun a chabhair a chuir ar fáil.

Ag scaipeadh go tapa ar na meáin shóisialta, tá beagán os cionn €368,000 bailithe ag an tiomsaitheoir airgid i níos lú ná coicís.
Dúirt Caio: ‘Haigh gach duine, Caio anseo. Míle buíochas le gach éinne a thug síntiús le cúpla lá anuas. Bhí sé chomh iontach sin, an tacaíocht ar fad a fheiceáil agus táim an-bhuíoch.
‘Theastaigh uaim a roinnt libh go léir go raibh mé i dteagmháil le teaghlach an chailín bhig agus beidh mé cuidiú leo ar aon chaoi is féidir liom.
‘Níor ghlac siad leis an tairiscint seo go fóill, ach tá sé ar intinn agam tacú leo ar an mbealach a thacaigh sibh go léir liom,’ a dúirt Caio.

Tá breis is €15,000 bailithe ag fear as Baile Átha Cliath, Warren Donohoe, a bhí ar dhuine de na chéad daoine a bhí ar an láthair ag an am.
Agus tá beagán faoi bhun €15,000 bailithe don tríú duine, Alan Loren-Guille, atá 17 mbliana d’aois, cócaire óg a rinne idirghabháil san eachtra freisin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.