Bí ag súil leo seo sa Bhuiséad

10/10/2023

Beidh níos mó airgid do theaghlaigh, do mhic léinn, d’oibrithe agus dóibh siúd ar leas sóisialach (social welfare) sa Bhuiséad

Féadfaidh daoine a bheith ag súil le ciorruithe cánach (tax cuts) agus le bónas leasa shóisialaigh de €140 sa Bhuiséad Dé Máirt.

Tá an tAire Airgeadais Michael McGrath agus an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe chun Buiséad 2024 a fhógairt, le ‘giveaway’ agus iad ag iarraidh vótóirí 20-30 bliain d’aois a mhealadh.

Tá pleananna ann do chiorruithe ar an Muirear Sóisialta Uilíoch (Universal Social Charge, USC) agus athruithe ar réimeanna cánach ioncaim.

Táthar ag súil go mbeidh pacáiste caiteachais €14.4billiún, lena n-áirítear €5.25 billiún i méaduithe caiteachais. Seo cuid de na rudaí a bhfuiltear ag súil leo:

• Creidmheasanna (credits) leictreachais idir €300 agus 400 do theaghlaigh;

• Íocaíocht sochar linbh (child benefit) faoi dhó;

• Íocaíocht liúntais breosla (fuel allowance) dúbailte;

• Ciorruithe ar USC agus méadú ar an bpointe iontrála chuig an ráta níos airde cánach ioncaim go dtí thart ar €42,000;

• Faoiseamh ús morgáiste (Mortgage interest relief);

• Creidmheas cíosa (Rent credit) idir €750 agus €1,000;

• Sos cánach do thiarnaí talún a d’fhéadfadh faoiseamh cánach suas le 20% a bhaint as cuid dá ioncam cíosa;

• Íosphá (Minimum wage) le hardú €1.40 go €12.70

• Idir €12 agus €15 breise in íocaíochtaí leasa shóisialaigh, mar an pinsean;

• Ardú €300 ar dheontais na mac léinn;

• Beidh mic léinn iarchéime i dteideal tacaíocht deontais suas le €2,300;

• Leabhair scoile saor in aisce suas go dtí an tsraith Shóisearach;

• Méadú 50c ar cháin ar thoitíní;

• Cáin nua ar ghaltoitíní;

• Gan a thuilleadh laghduithe ar tháillí iompair phoiblí;

• Ardú ó €185 in aghaidh na seachtaine go €305 in aghaidh na seachtaine ar liúntas oiliúnaithe Gardaí.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram