

Tá níos mó trioblóidi ag ceannairí This Morning tar éis don chaidreamh (relations) idir Alison Hammond agus Dermot O’Leary a bheith faoi bhrú (under strain).
Tá bainisteoirí This Morning ag smaoineamh anois go mbeidh orthu an mbeirt láithreoir a scaradh óna chéile.
Is iad Alison, 48, agus Dermot, 50, a bhíonn i mbun an chláir ar an Aoine agus ar laethanta saoire scoile.
Bhí súil ag bainisteoirí stiúideo go gcuideodh siad rudaí a réiteach tar éis imeacht Phillip Schofield i mí na Bealtaine.

Deir foinsí freisin nach bhfuil Alison chomh gar a thuilleadh agus a bhí sí le Holly Willoughby.
Bhí an bheirt bhan le bheith mar phríomhfhoireann láithreoirí (main presenters) ar an chláir nuair a chuirfear tús lena séasúr nua i mí Mheán Fómhair (next September).
Dúirt foinse amhain: ‘Chuir Alison agus Dermot tús deacair, bhí leibhéil an-difriúla taithí (experience) acu agus tháinig siad ó áiteanna iomlána éagsúla ach ansin thosaigh siad ag obair le chéile go deas.
‘Le déanaí, áfach, tá rudaí éirithe faoi bhrú eatarthu agus is cúis imní é do na ceannairí.
‘Tá eagla orthu go gcaithfear iad a scaradh.
‘Maidir le Holly agus Alison, bhí siad an-ghar. Thug Alison cuireadh do Holly fiú fanacht ina teach le déanaí, rud a d’inis Holly don lucht féachana This Morning. Ach chuir sé sin ionadh ar Alison.’
Tá Dermot, a bhfuil níos mó ná dhá scór bliain de thaithí aige ar teilifís, ag cur an seó i láthair in éineacht le Holly, 42, le seachtainí beaga anuas.
Cé go raibh Holly ag súil le Alison a bheith mar ionadaí Schofield, tuairiscíodh go bhfeiceann Alison í féin mar réalta ar leith tar éis di dul isteach sa seó ó The Great British Bake Off ar Channel 4.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.