

Tá sé go mór i mbéal an phobail na laethanta seo. Cuireann sé Weekend Breakfast le Hugh Carr i lathair gach deireadh seachtaine ar RTÉ 2FM agus anois, tá sé le feiscint gach Déardaoin ag 8pm ag iarraidh ‘Croí na Féile’ a aimsiú. Ach, nuair a bhí sé níos óige, bhí sé ag iarraidh a bheith ina fuirseoir.

‘Rugadh mé i Londain, ach ní raibh mé ann ach ar feadh trí mhí. Mar sin, ní dhearfainn gur “Plastic Paddy” mé,’ a deir sé.
‘Bhí mé i gcónaí gafa le greann, go háirithe le “stand-up”. D’aimsigh muid píosa oibre a rinne mé ar scoil nuair a bhí mé deich mbliana d’aois.

‘Dúirt mé: “Ba mhaith liom a bheith i mo stand-up comedian.” Bhí a fhios agam cén saghas aistear a bhí mé ag iarraidh dul air agus mé óg.
‘Rinne mé Béarla agus Drámaíocht i UCD. Bhí mo mhathair mar bhean an tí. Bhí teach lán scoláirí agam achan samhradh. Bhí sé sin go hiontach mar dhuine óg, díreach ag bualadh le daoine úr go rialta,’ a dúirt sé.

I gCroí na Féile, taistealaíonn fuirseoir GaelGÁIRÍ Hugh timpeall na tíre ag obair go deonach ar na féilte is aitheanta atá againn in Éirinn.
Bhí sceitimíní air taispeáint dúinn cuid den obair nach dtugaimid faoi deara agus sinn ag freastail ar ócaidí ar nós Dorn san Aer agus Féile na Laoch.
‘Rinne muid sé féile. Bhí siad ar fad craiceáilte. An chéad féile a ndearna muid ná Féile na hEalaíona i nGaillimh,’ a dúirt sé.
‘Bhí muid ag iarraidh triail a bhaint as achan rud, agus ag iarraidh feiceáil céard a bhí ar siúl. Bhí muid ag traenáil leis an sorcas. Bhí muid ag obair ag ceolchoirm Kingfishr. Bhí an méid sin stuif ag dul ar aghaidh thart ar an gcathair.
‘Bhí muid ag an Oireachtas i mBéal Feirste. Bhí sin speisialta mar bhí sé i mBéal Feirste. Bhí sé chomh difriúil ó na gnáth féiltí Oireachtas i gCill Airne.

Tá Hugh aitheanta fosta mar láithreoir Seansálaithe, podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá. Ní hamháin sinn ach bíonn sé ag obair mar ghuthóir le Macalla.
Is cinnte go raibh an taithí sin cabhrach agus é ag iarraidh post a fháil in RTÉ agus labhair Hugh faoin deis a bhfuair sé post a fháil ag cur i láthair ar RTÉ 2FM.
‘Tháinig an rud suas le RTÉ, an feachtas a bhí acu le láithreoirí nua a aimsiú. Chuir mé isteach air. Bhí an próiseas iontach fada. Ach, d’éirigh liom
‘Sin an dóigh gur bhfuair mé an post le 2FM. Agus trí mhí i ndiaidh sin, fuair mé an glaoch ó Peter Strident ag rá, “Ar mhaith leat clár teilifíse (Croí na Féile) a dhéanamh?”
‘Bhí neart athraithe ag tarlú nuair a bhfuair mé an post le 2FM. Neart rudaí randamach ag teacht le chéile. Bhí bliain dheacair agam an bliain roimhe sin.
‘Díreach idir rudaí pearsanta agus saorobair. Tá saorobair chomh deacair. Agus chaill muid duine éigin sa teach. Bhí sé chomh deacair.
‘Agus ansin, an bhliain i ndiaidh sin, fuair mé an post le 2FM agus glaoch chun mo chlár teilifíse féin a dhéanamh fosta. Bhí sé iontach speisialta dom.
‘Bím i gcónaí ag iarraidh a mholadh do dhaoine, go háirithe má tá suim acu dul isteach in san saorobair, go bhfuil sé deacair. Ach, tiocfaidh rudaí le chéile.’

‘Nuair a bhí mé níos óige, an fáth go raibh mé ag iarraidh “stand-up” a dhéanamh ná go raibh mé ag amharc ar chláracha ar nós Mock the Week agus Live at The Apollo.
‘Ní raibh sé go dtí go raibh mé i mo dhéagóir gur thosaigh mé ag déanamh stuif ar an raidió. Bhí cairde agam a bhí ag obair i staisiún beag, Rosses Radio, ar An gClochán Liath (Dungloe). Bhain mé an-sult as. Dar ndóigh, sin an fáth gur lean mé leis.
‘Bhí rogha ann le haghaidh – agus muid ag déanamh na hagallaimh RTÉ – “an bhfuil tú ag iarraidh clár a dhéanamh i mBéarla amháin, i nGaeilge amháin, nó dátheangach?’ Agus roghnaigh mise dátheangach.’
‘Tá mo chlár fhéin agam ar Weekend Breakfast. Fuair mé an “slot” sin cúpla mí ó shin. Tá sé deas a bheith istigh ansin agus an tacaíocht a fhaigheann tú ón obair.
‘Tá achan duine chomh deas. Mothaím go bhfuil neart muinín acu ionam. Cuireann siad ceist orm le rudaí chomh “cool” a dhéanamh.
‘Chuir siad ceist orm féin agus ar Aisling Bonner “TikTok live” a dhéanamh le Patrick Kielty agus ag taispeáint an seit Toy Show don chéad uair.
‘Chuir mise téip isteach le bheith ar an Toy Show agus mé níos óige. Fuair muid go léir cuireadh dul chuig an Choice Music Awards. Bhí muid ag partyáil le CMAT go dtí a trí a chloig ar maidin.
‘Seo an stuif nach dtig leat a shamhlú ag tarlú. Táim an-sásta le bheith le 2FM. An mana atá ag 2FM ná “Fuaim na tíre”. An meon atá agam ná caithfidh tú achan gné den saol sin a fheiceáil. Creidim gurb í an Ghaeilge teanga don todhchaí.’
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.