

Tá saineolaí sinsearach eile i ngnóthaí eachtracha Mheiriceá tar éis Donald Trump a cháineadh mar gheall ar an ionsaí ar an Iaráin.
Níl a fhios ag uachtarán Mheiriceá cad atá le déanamh tar éis trí seachtaine cogaidh san Iaráin, a dúirt Leon Panetta, iar-rúnaí cosanta SAM agus stiúrthóir ar an CIA.
Dúirt an comhairleoir sinsearach go bhfuil uachtarán Mheiriceá ag ‘seoladh teachtaireacht laige’ chuig an domhan lena chuid tuairimí.
Tagann a chuid tuairimí i ndiaidh d’oifigeach sinsearach i riarachán Trump éirí as a phost an tseachtain seo caite, mar gheall ar an gcogadh sa Mheánoirthear.
Roinn Joseph Kent, ceannaire ar an National Counterterrorism Center, litir chuig Trump ar na meáin shóisialta, ag fógairt a éirí as.

Dúirt Panetta, a d’fhóin i riaracháin Bill Clinton agus Barack Obama, leis an nuachtán Guardian go raibh oifigigh slándála náisiúnta i Meiriceá i gcónaí ar an eolas faoi chumas na hIaráine géarchéim fuinnimh a chruthú trí Chaolas Hormuz a bhac.
Tá sin ag tarlú anois, rud a fhágann nach bhfuil aon straitéis ag Trump.
‘Is gnách leis a bheith saonta faoi conas is féidir rudaí a tharlú,’ a dúirt Panetta, atá 87 bliain d’aois.
Rinne Panetta maoirseacht ar an oibríocht chun Osama bin Laden a aimsiú agus a mharú.
Dúirt sé: ‘Má deir sé é agus má leanann sé air ag rá é, tá dóchas ann i gcónaí go dtiocfaidh an rud a deir sé. Ach sin a dhéanann páistí. Ní hé sin a dhéanann uachtaráin.’
Thosaigh cogadh Trump ar an 28 Feabhra. Mharaigh ionsaí gan choinne ó Iosrael ceannaire uachtarach na hIaráine, Ayatollah Ali Khamenei. Go gairid ina dhiaidh sin, fuair SAM agus Iosrael forlámhas san aer. Ach dá fhaide a mhair an coimhlint, is ea is mó is cosúil go bhfuil an tionscnamh sin ag sleamhnú uaidh.
Agus dúirt Jospeh Kent nach raibh ‘an Iaráin ina bhagairt láithreach dár náisiún’. Mhaígh sé gur thosaigh SAM an cogadh ‘mar gheall ar bhrú ó Iosrael agus a stocaireacht chumhachtach Mheiriceánach’.
Dúirt sé: ‘Ní féidir liom tacú leis an gcogadh atá ar siúl san Iaráin le dea-choinsias…
‘Go dtí Meitheamh 2025, thuig tú gur gaiste a bhí sna cogaí sa Mheánoirthear a ghoid saolta luachmhara ár dtírghráthóirí ó Mheiriceá agus a laghdaigh saibhreas agus rathúnas ár náisiúin.
‘Go luath sa riarachán seo, chuir oifigigh shinsearacha Iosraelacha agus baill tionchair de na meáin Mheiriceánacha feachtas mífhaisnéise i bhfeidhm a chuir isteach go hiomlán ar d’ardán Meiriceá ar dtús agus a chuir mothúcháin i bhfabhar an chogaidh chun cogadh leis an Iaráin a spreagadh.
‘Úsáideadh an both mhacalla (echo chamber) seo chun tú a mhealladh chun a chreidiúint gur bhagairt láithreach a bhí san Iaráin do na Stáit Aontaithe, agus, dá ndéanfá ionsaí anois, go raibh cosán soiléir ann chun bua tapa a fháil.
‘Ba bhréag é seo agus is í an teaictic chéanna í a d’úsáid na hIosraelach chun sinn a tharraingt isteach sa chogadh tubaisteach san Iaráic a chosain saol na mílte dár bhfear agus dár mban is fearr dár náisiún.’
Lean Kent air ag rá nach mbeadh sé i bhfabhar ‘an chéad ghlúin eile a sheoladh amach chun troid agus bás a fháil i gcogadh nach bhfuil chun tairbhe do mhuintir Mheiriceá’.
Ceapadh an t-iar-ghníomhaire CIA don ról i mí Iúil seo caite.
Is é an chéad oifigeach sinsearach de chuid na Stát Aontaithe a d’éirigh as riarachán Trump mar agóid i gcoinne na coinbhleachta.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.