Brentford: An ‘Bee team’ ag coinneáil bratach ghlas ar foluain ar fud Shasana … agus cluiche mór ag teacht

Is í Brentford an fhoireann i bpríomhroinn Shasana atá ag déanamh cinnte go bhfaigheann imreoirí na hÉireann an taithí atá de dhíth orthu le himirt i gcoinne na foirne is fearr ar domhan.

Neartaíodh clú Brentford mar an fhoireann is Éireannaí sa Phríomhroinn an tseachtain seo.

Is é ‘The Bees’ an leasainm atá ag lucht leanúna Brentford ar a bhfoireann in iarthar Londain agus atá á bhainistiú ag iar-chóitseálaí agus imreoir na hÉireann, Keith Andrews.

Chomh maith leis sin tá laoch ‘na buachaillí glasa’, Nathan Collins, i gcroílár a gcosanta, agus is é Caoimhín Kelleher a chúl báire.

Léirigh eachtra ar Lá Fhéile Pádraig tionchar reatha na ‘nglasach’ i Brentford. Chuir an club tráth na gceist ar bun do na himreoirí ar ainmneacha éagsúla Éireannacha agus conas iad a fhuaimniú.

Troy Parrott
Troy Parrott

Ar ndóigh, bhí deacrachtaí ag na himreoirí eachtracha Brentford leis na focail Saoirse, Aoife, Gráinne, Tadhg agus Niamh.

D’éirigh le Keane Lewis-Potter Shasana ‘Saoirse’ a rá gan stró agus ní raibh aon fhadhb ag an imreoir Portaingéalach Fabio Carvalho le ‘Aoife’.

Is trua nach bhfuil Heimir Hallgrimsson in ann glaoch a chur ar ceachtar acu áfach, mar go bhfuil a scuad don chluiche mór i gcoinne Phoblacht na Seice thíos le gortuithe.

Tá roinnt imreoirí san áireamh nár imir mórán peile le míonna beaga anuas agus tugadh glaoch den chéad uair d’iarchaptaen na foirne faoi-19 Shasana, fear QPR, Harvey Vale.

Mar sin féin, níl an fiaclóir Íoslannach gan dóchas. Ar ndóigh, beidh Hallgrimsson ag guí go dtiocfaidh laoch mhí na Samhna, Troy Parrott, slán sábháilte go Prág. Ar an taobh eile den pháirc, más mian le hÉirinn míorúilt eile a bhaint amach, beidh cluiche iontach ag teastáil ó Kelleher.

Harvey Vale
Harvey Vale

Sula ndeachaigh sé go Brentford bhí rian déanta ag Kelleher cheana féin i bPrág, ag imirt do Learpholl nuair a bhuaigh siad ar Sparta Prág i gcluiche Sraith Europa. Cé gur 5-1 an scór, tugadh ardmholadh dó as a fheidhmíocht idir na bataí i bpríomhchathair na Seice.

Dhaingnigh a thréimhse i gcéad fhoireann Learpholl, agus ról lárnach Kelleher i mbua dhá chluiche ceannais Chorn Carabao i gcoinne Chelsea, dintiúir an fhir Chorcaí mar cheann de na cúl báirí is fearr sa Phríomhroinn. Bhí droch-ádh air a bheith ag an gclub céanna le ceann de na cúl báire is fearr ar domhan, Allison áfach.

Rinne cosantóir Learpholl, Virgil Van Dijk, cur síos ar a staid sula ndeachaigh sé go Brentford.

‘Dúirt mé i gcónaí gur cúl báire den scoth é. Tá sé an-deacair a bheith i do dhara rogha cúl báire, ach níl aon náire ort a bheith i do dhara rogha cúl báire do cheann de na cúl báire is fearr ar domhan, mura bhfuil sé ar an duine is fearr,’ a dúirt sé.

Bhí bogadh dosheachanta, agus tá cuma mhargadh ar aistriú €16m an samhradh seo caite go hiarthar Londan, áit a raibh sé le chéile le Andrews agus Collins.

Deirtear go bhfuil Kelleher líofa sa Ghaeilge, ach ní labhrófar a theanga dhúchais ar an bpáirc mar go bhfuil a chomh-Ghaeilgóir Liam Scales ar fionraí don chluiche i gcoinne na Seice.

Dála an scéil, mhaígh Cumann Peile na hÉireann (FAI) cúpla bliain ó shin gurbh é Scales an chéad pheileadóir riamh a thug agallamh i nGaeilge agus a d’imir d’Éirinn, nuair a craoladh comhrá leis an gcosantóir ó Celtic Glasgow. Ar ndóigh, is cuma le lucht leanúna cén teanga a mbeidh á húsáid ag na himreoirí sa Fortuna Arena.

Níor tugadh ach míle ticéad do na ‘buachaillí glasa’ in ainneoin sé mhíle iarratas ón tír seo agus ó lucht tacaíochta thar lear.

Tar éis na mbuanna cáiliúla i gcoinne na Portaingéile agus na hUngáire, tuigeann muintir na hÉireann gur féidir aon rud a tharlú. Beidh Kelleher ríthábhachtach i bPrág. Mar sin, má choinníonn sé an ‘billeog glan’, beidh seans iontach ag foireann Hallgrimsson céim mhór eile a thógáil i dtreo na Stát Aontaithe.

Caoimhín Kelleher le Brentford anois
Caoimhín Kelleher le Brentford anois

Má chríochnaíonn an cluiche ar chomhscór tar éis am breise, tá saineolas ar leith ag Kelleher maidir le ciceanna pionóis. Tá an taifead Learphoill aige don líon is mó sábhálacha i gcluiche pionóis (6) agus buanna i gcluiche pionóis (4).

Smaoinigh ar na sábhálacha a rinne sé ó Bruno Fernandes agus Ronaldo le déanaí. Smaoinigh freisin ar an gcic éirice cinniúnach a scóráil sé féin i gcoinne Chelsea i gCorn Carabao 2022.

Chomh fada agus a mhaireann an meon sin, mairfidh an dóchas.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram