Tá scannáin noir na hÉireann ag teacht chun cinn … as Gaeilge

Le Seachtain na Gaeilge, táimid ag tnúth le scannáin i nGaeilge a bhfuil ardmholadh faighte acu

Tar éis rath an scannáin, An Cailín Ciúin, agus an tsraith scéinséir, CRÁ, tá TG4 ag socrú síos mar chainéal teilifíse in Éirinn atá ag léiriú cuid na cláir siamsaíocht is suimiúla atá againn.

Le Seachtain na Gaeilge, táimid ag tnúth le dhá scannán i nGaeilge, a bhfuil ardmholadh faighte acu. Taispeánfar Báite i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann ón , Dé hAoine; 6 Márta, agus beidh Aontas ar TG4 Dé Luain 16 Márta.

Tá Báite i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann ón Aoine 6 Márta
Tá Báite i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann ón Aoine 6 Márta

Tá Báite, atá bunaithe ar an leabhar ‘The Lake’, suite i mbaile beag Gaeltachta sa bhliain 1975. Tagann an teannas chuig an mbaile, nuair a fheictear corp ag barr uisce an loch.

Ainmníodh muintir an scannáin do cheithre Ghradam IFTA agus bhuaigh sé sa chatagóir ‘Ceoil Bhunaidh’ do na cumadóirí Eimear Noone agus Craig Stuart Garfinkle.

Tragóid, a tharla ag an am céanna agus atá bean óg, Peggy Casey, ag iarraidh teach tábhairne a teaghlaigh a shábháil.

B’fhéidir go gcuirfeadh éadaí an scannáin seo fuaimeanna binne the Bee Gees agus Elton John i gcuimhne duit, ach is áit i bhfad níos dorcha í seo. Smaoinigh ina ionad sin ar an scannán Goodfellas, de chuid Martin Scorsese, atá suite sna 1970idí freisin.

Ach smaoinigh ar Knives Out freisin agus scannáin mar sin. Mar is scéinséir sean-aimseartha é seo.

Is iad an dá phríomhcharachtar ná Frank, an bleachtaire dúnmharaithe anuas ó Bhaile Átha Cliath chun níos mó imní a chur ar mhuintir na háite ná fionnachtain choirp; agus Peggy, atá mar phearsantú na himní sin.

Is í a scéal croílár an scannáin seo ó TG4. Agus a chuspóir freisin. Tá sí ag iarraidh greim a choinneáil ar an teach tábhairne teaghlaigh agus brú eacnamaíoch agus an chuid eile dá teaghlach ag iarraidh fáil réidh leis.

Is scéal é faoi sheanbhealach maireachtála atá ag dul in éag, a insítear go grámhar; agus go réalaíoch freisin, mar tá cuid de na sean-chlaontaí ag dul in éag leis. Fiú mura bhfuil cuid acu marbh fós.

Is é Ruán Magan, deartháir Manchán Magan a chuaigh ar shlí na fírinne anuraidh, a stiúir Báite agus is iad Eleanor O’Brien agus Moe Dunford na haisteoirí sna príomhpháirteanna, in éineacht le Juliette Crosbie, Pádraig Ó Loingsigh agus Denis Conway.

Chomh maith leis sin, craolfar scéinséir gadaíochta Gaeilge nua, Aontas, ar TG4 & TG4.ie ar an Luan, 16 Márta ag a 9.30pm.

Tá Aontas ar cheann de na scannáin nua i nGaeilge den chaighdeán is airde
Tá Aontas ar cheann de na scannáin nua i nGaeilge den chaighdeán is airde

Beidh sé le feiceáil freisin ag an am céanna ar an BBC iPlayer agus BBC One Northern Ireland mar léiríodh é le BBC Gaeilge agus Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann freisin, le tacaíocht ó Yellowmoon.

Arna stiúradh ag Damian McCann, le Carrie Crowley, Bríd Brennan  agus Eva-Jane Gaffney sna príomhróil mar triúr gadaithe atá ag iarraidh comhar creidmheasa a robáil.

I scéal an scannáin, bíonn an robáil imithe ó smacht ar na gadaithe, agus insítear an scéal droim ar ais, caibidil ar chaibidil, go bhfeictear na heachtraí a tharla roimh ré.

  • Aontas, TG4 & TG4.ie, Luan, 16 Márta, 9.30pm

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram