

Le fáilte mhór roimh fhilleadh Tom Vaughan-Lawlor ar ár scáileáin bheaga an deireadh seachtaine seo, bhí an réalta ag caint faoina ról mar aisteoir agus an tionchar a bhíonn aige ar a shaol teaghlaigh.
Agus muid ag féachaint ar an liosta páirteanna a bhí aige – ó PJ Mara go Malacki Byrne i Peaky Blinders; agus ar ndóigh Nidge in Love/Hate – caithfear an cheist a chur: Cén fáth nach bhfuil Tom ar liosta na nOscar gach bliain.
Dar leis féin, níl sé cosúil ar chor ar bith lena carachtair i scannáin. Déanann sé cur síos air féin mar dhuine ‘goofy’ agus admhaíonn sé go ndéanann a mhac féin gáire faoina iarrachtaí a bheith i gceannas.

Beidh sé ar ais ar scáileáin RTÉ sa tsraith, These Sacred Vows, amárach (Dé Domhnaigh), agus níl a charachtar cosúil ar chor ar bith le Nidge in Love/Hate.
I lár an scéil tá corp marbh an tAthair Vincent agus tá Tom i ról an tsagairt, agus an scéal á insint suas go dtí a bhás.
‘Sílim go bhfuil cineál maitheasa bunúsach ann atá sé ag iarraidh a léiriú,’ a deir Tom faoin Athair Vincent.
Mar sin, ní Nidge nua é ar chor ar bith. Ach níl ceachtar cosúil le Tom féin é ach oiread, dar leis.
Tháinig sé trasna mar dhuine de na drongadóirí is garbha ar scáileáin na hÉireann nuair a bhí sé i bpríomhról Nidge i Love/Hate.
Ach anois deir sé go ndéanann a mhac déagóirí ‘gáire’ fvaoi nuair a fhéachann sé siar ar an dráma drongchoirpeachta gránna sin.
Dúirt sé: ‘Sílim go bhféachann sé ar an stuif sin ar fad agus go ngáireann sé. Dá ndéanfainn iarracht air sin leis, ní dhéanfadh sé ach gáire fúmsa, mar go mbainfeadh sé an bonn de leis an amaidí “goofiness” a bhaineann le mo neamhábaltacht cloí le haon rud atá fíor i ndáiríre.
‘Is greannmhar dó gur féidir liom carachtair dhian, ionsaitheacha a dhéanamh mar is dócha go bhfuilim amadánta (goofy) i mo shaol féin,’ a dúirt sé.
Labhair Tom, atá pósta leis an aisteoir Claire Cox, freisin faoin gcaoi a mbíonn a mhac tacúil leis nuair a bhíonn cumha (homesick) air ó am go chéile agus é ar shiúl ó Éirinn agus é ina chónaí i Londain.

Tosaíonn Our Sacred Vows ar maidin i ndiaidh bainise Éireannach ar oileán Spáinneach, nuair a fhaightear corp an tsagairt aghaidh síos i linn snámha.
Le linn sé eipeasóid, léimeann an t-aicsean siar in am chun athchuairt a thabhairt ar phríomhimeachtaí seachtaine fiáine roimhe sin, gach ceann acu ó pheirspictíocht carachtair dhifriúil.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.