

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil Éire ag tabhairt aghaidh ar ‘am an‑chontúirteach’ ina caidreamh leis na Stáit Aontaithe, i measc faitíos nua faoi chogadh trádála trasatlantach – cé gur tharraing Donald Trump siar an uair seo.
Rinne Uachtarán SAM bagairt 10% de tharaifí a chur ar ocht dtír Eorpacha ón 1 Feabhra, mura mbainfear amach comhaontú faoi cheannach na Graonlainne ón Danmhairg.

Cé gur chúlaigh sé siar agus dúirt sé nach n-úsáidfidh sé fórsa míleata chun an Ghraonlainn a fháil, tá sé fós ag áitiú gur gá dó an tír a bheith aige – agus tá a bhagairt taraifí ann i gcónaí.
Le sin, bhí ar ceannairí Eorpacha, Micheál Martin san áireamh, seasamh i dteannta na Danmhairge agus na Graonlainne, agus ráite acu nach ligfidís do na Stáit Aontaithe sláine chríochach an oileáin a shárú.
D’admhaigh Martin sa Dáil, cé go dtacódh Éire le frithbhearta i gcoinne na Stát Aontaithe, go bhfuil an gaol leis an tír sin ‘ríthábhachtach’.
Dúirt sé freisin, cé go ndearnadh iarrachtaí le bliain anuas comhpháirtithe trádála na tíre a éagsúlú (diversify), nach raibh ‘aon mhaith’ leithscéal a dhéanamh faoin scéal.
‘Caithfimid a bheith fíorshoiléir faoin méid atá i gceist anseo,’ a dúirt an Taoiseach. ‘Is tráth thar a bheith tromchúiseach é i dtéarmaí an chaidrimh trasatlantaigh.’
Dúirt sé gur thacaigh sé lena hiarrachtaí taraifí a sheachaint trí chainteanna agus trí chomhrá, ach go raibh an Eoraip ‘ullamh’ le frithbhearta suntasacha a chur i bhfeidhm más gá.

Bhí Martin ag tisteal go Davos Dé Céadaoin ag cruinnithe idir cheannairí Eorpacha roimh chruinniú éigeandála sa Bhruiséil Déardaoin.
Táthar ag súil go bpléifidh an Chomhairle Eorpach, atá comhdhéanta de 27 gceannaire san Eoraip, an chaoi a bhféadfadh an tAontas freagairt do bhagairt nua taraifí ó Trump i gcoinne sé thír san AE.
I measc na roghanna a bhí ag ceannairí na hEorpa bhí pacáiste taraifí dar luach €93 billiún ar earraí Meiriceánacha a allmhairítear isteach san Aontas, a cuireadh i bhfeidhm den chéad uair in 2018 ar tháirgí tionsclaíocha agus talmhaíochta.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.