Méadú 21% ar líon na dtiománaithe a gabhadh ag úsáid cócaon

Tá méadú scanrúil ar úsáid drugaí, lena n-áirítear cócaon, ar na bóithre agus ar na mótarbhealaí aimsithe ag staidéar nua.

Tháinig méadú suntasach, 21% gach bliain, ar líon na dtiománaithe a ndearnadh tástáil dhearfach orthu le haghaidh cócaon ó 2012 go 2018, de réir staidéir.

De reir taighde ó Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn (Royal College of Surgeons in Ireland, RCSI) tháinig méadí ar chócaon, chomh maith le cannabas, i samplaí ó bhreis is 9,000 tiománaí a ndearnadh anailís thocsaineolaíoch orthu idir 2012 agus 2020.

Cocaon Pictiur Shutterstock
Pictiúr: Shutterstock

Brathaíodh cannabas i mbeagnach leath de na cásanna uile, agus fuarthas  beinsidhé-asaipín (benzodiazepine) i dtimpeall duine as gach ceathrar tiománaí.

Brathaíodh cócaon i 16.5% de na cásanna; áfach, bhí ardú suntasach 21% bliain ar bhliain i mbrath cócaon, i gcomparáid le méadú 13% ar channabas.

Sháraigh cócaon beinsidhé-asaipín faoi 2018 agus ba é an dara druga is coitianta a braitheadh i ndiaidh cannabais.

Rinne an staidéar scrúdú ar úsáid ildrugaí, nuair a thógtar dhá dhruga nó níos mó le chéile. Mhéadaigh úsáid ildrugaí cócaon agus cannabais le linn na tréimhse staidéir, ag trí oiread ó 52 brath in aghaidh gach 1,000 sampla in 2012 go 165 in aghaidh gach 1,000 i  2018.

cannabas

Rinne na taighdeoirí anailís níos mine ar shonraí ó 2019 agus 2020, ag rith anailíse ar 4,856 sampla a thástáil dhearfach do dhruga amháin ar a laghad.

Ba é cannabas an grúpa ba choitianta a braitheadh (70.1%); áfach, tá láithreacht cócaon léim go 40.2% ó bheagán os cionn 25% i 2018.

Dúirt an tOllamh Colin O’Gara, ceann seirbhísí andúile in Ospidéal Eoin Dé (St John of God), leis an Irish Daily Mail gur cúis imní ‘ollmhór’ a bhí sa staidéar, ach níl ionadh é i bhfianaise an mhéadaithe in úsáid cócaon atá feicthe aige le blianta beaga anuas.

‘D’fhéadfadh daoine cócaon a fheiceáil mar bhealach chun iad féin a shuaimhniú ó éifeachtaí drugaí eile agus iad féin in ann tiomáint.

‘Mar sin féin, tá sé seo i bhfad ón bhfírinne,’ a mhínigh sé. ‘Tá cócaon ag éirí níos coitianta i gceantair thuaithe na hÉireann agus tá na geallta níos airde ansin mar go mbraitheann daoine ar a gcuid carranna chomh mór sin.’

Creideann an feachtasóir sábháilteachta bóithre Leo Lieghio go bhfuil fadhb na tiomána faoi thionchar drugaí imithe in olcas, agus nár ghlac an Rialtas beart leordhóthanach.

‘Níl dóthain Gardaí againn ar na sráideanna,’ a dúirt sé.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram