Tá foréigean inscne go smior inár stair

28/11/2025

Léiríonn feachtas idirnáisiúnta nua – chun feasacht a mhúscailt faoin gcaoi a gcaitear go brúidiúil le mná – roinnt fíricí náireach faoin bhforéigean i sochaí na hÉireann

Tá scéalta faoin bhforéigean coitianta i stair na hÉireann, bíodh siad polaitiúil nó coiriúil nó an dá rud le chéile – ach is minic a rinneadh neamhaird ar éifeachtaí brúidiúla an fhoréigin in aghaidh na mban.

Mar sin féin, an tseachtain – ar Dé Máirt 25 Samhain – ainmníodh Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú an Fhoréigin in aghaidh na mBan ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe. Ba é sin tús 16 lá gníomhaíochta a chríochnaíonn ar 10 Nollaig, N lá a chomórann Lá Idirnáisiúnta na gCeart Daonna.

Agóid i Róimh faoin bhforéigean in aghaidh na mban
Agóid i Róimh faoin bhforéigean in aghaidh na mban

Is cuid dhorcha dár stair iad ionsaithe le foréigean ar  mhná agus tá sé mar aidhm ag na himeachtaí seo feasacht a mhúscailt agus cabhrú le daoine gníomh coisctheach a dhéanamh.

Chun tacú leis seo, tá eagraíochtaí in Éirinn ag ardú feasachta faoi fhoréigean in aghaidh na mban i ngach foirm.

Dúirt an tUachtarán Catherine Connolly: ‘Cuireann an lá seo brú orainn, ar bhonn aonar agus i gcomhchoiteann, chun aghaidh a thabhairt ar fhírinne an fhoréigin inscne bhunaithe atá inár sochaí agus ar fud an domhain.’

Is léamh deacair é na staitisticí:

• Maraíodh 83,000 bean agus cailín go neamhbheartaithe ar fud an domhain sa bhliain 2024.

• Gach lá, maraítear 137 bean agus cailín ag dlúthpháirtí nó ag baill eile dá dteaghlach.

• In Éirinn, thuairiscigh Women’s Aid gur bhásaigh 277 bean go foréigneach idir 1996 agus an lá atá inniu ann.

• Anuas ar sin, tá níos mó ná bean amháin as gach triúr in Éirinn ag fulaingt ó mhí-úsáid shíceolaíoch, fhisiciúil, nó gnéasach ó dhlúthpháirtí.

• Le cúig bliana anuas, maraíodh 62 bean go foréigeanach in Éirinn, 37 bean ó dheas den teorainn agus 25 bean ó thuaidh.

Dúirt an tUachtarán: ‘Tá na staitisticí seo scannalach agus léiríonn siad an fad atá le taisteal fós chun deireadh a chur le foréigean inscnebhunaithe.’

Screenshot 2025 11 28 055209

Agus d’eagraigh Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste siompóisiam ar ‘An Foréigean Inscne agus Léann na Gaeilge’ a ndearna Foras na Gaeilge urraíocht uirthi.

Ba í bunaidhm an tsiompóisiam sin ná ceisteanna a ardú, agus snáitheanna a aithint, maidir le gnéithe éagsúla den fhoréigean inscne agus an léiriú a dhéantar air i bhfoinsí cultúrtha.

Anuas air sin, táthar ag iarraidh comhrá a thosú ar an nasc, más ann dó, idir an éagóir theanga agus an foréigean inscne, agus ar an tábhacht atá leis an litríocht i dteangacha mionlaithe chun an cheist seo a spíonadh amach.  


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram