

Cháin an tAire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan, ‘ionsaí fíochmhar’ ar bhean a tharla i mBaile Átha Cliath maidin inne (Dé Máirt).
Go gairid i ndiaidh 10am i gCluain Dolcáin, doirteadh peitreal ar bhean agus cuireadh trí thine í ag doras tosaigh a tí i Mulláin na nDarach (Oakdowns).
Tá drochbhail fós ar an bhean le dónna troma in ospidéal Thamhlachta (Tallaght) inniu (Dé Céadaoin) tar éis an ionsaite maidin Dé Máirt.

Rinne foinse Garda cur síos air seo mar ionsaí uafásach agus scanrúil.
Bhí Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath ar an láthair go gasta, áit ar thug paraimhíochaineoirí cóireáil don bhean sular iompraíodh chuig an ospidéal í.
Tuigeann na gardaí gur fhreagair sí cnag ar a doras agus gur dhoirt an t-ionsaitheoir peitreal uirthi láithreach agus gur chuir sé trí thine í.
Creideann na Gardaí gur ionsaí spriocdhírithe (targeted) a bhí san eachtra uafásach a d’fhéadfadh a bheith bainteach le drugaí.
Tá siad ag obair chun na daoine taobh thiar den ionsaí a aithint.
D’fhulaing an bhean, atá ina 40idí, dónna troma ar a héadan agus ar a corp.
Creidtear gur éalaigh an fear a spraeáil peitreal uirthi agus a chuir trí thine í ar ghluaisrothar.
D’fhulaing fear a bhí sa teach ag an am dónna ar a lámha agus é ag iarraidh na lasracha a mhúchadh ar an mbean.
Tugadh cóireáil dó san ospidéal freisin le haghaidh gortuithe nach raibh bagrach don bheatha.
Bhí roinnt daoine eile sa teach tráth an ionsaithe.
Chuir O’Callaghan a mhíshástacht in iúl faoin ionsaí agus d’iarr sé ar aon duine a bhfuil eolas acu teacht chun cinn.
Scríobh sé ar X: ‘Táim scanraithe ag an ionsaí uafásach a rinneadh ar bhean i gCluain Dolcáin ar maidin.

‘Tá na Gardaí tar éis mé a chur ar an eolas faoin ionsaí, agus táim ag iarraidh ar aon duine a bhfuil eolas acu teacht chun cinn ionas gur féidir an té a rinne an ionsaithe fíochmhar seo a thabhairt os comhair an cheartais.’
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí ag Stáisiún Gardaí Chluain Dolcáin ar 01 666 7600, Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111, nó aon stáisiún Gardaí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.