Ómós á thabhairt i ndiaidh bhás beirt fhear i dtimpiste ilfheithicle

Maraíodh tiománaí bus agus tiománaí trucaile i dtimpiste bóthair agus gortaíodh go leor daoine sa tragóid i gCo. na Mí

Tá ómós á thabhairt do bheirt fhear a fuair bás i dtimpiste ilfheithicle i gCo. na Mí ar an Luan

Maraíodh tiománaí bus os comhair paisinéirí ag screadach i dtimpiste le trucail, agus maraíodh tiománaí an trucail freisin.

Tá bean i gcarr agus a paisinéir déagóra, a bhí gafa sa timpiste ilfheithicil, á gcóireáil le gortuithe tromchúiseacha.

Radharc na Timpiste
Gardaí ag radharc na timpiste i mBaile Mhic Ghormáin. Pictiúr: Fran Veale

Taispeánann grianghraif ón láthair go raibh taobh iomlán tiomána an bhus Bus Éireann brúite isteach agus scriosta. Bhí an bus le paisinéirí eile a bhailiú timpeall an ama a tharla an timpiste.

Tharla an t-imbhualadh idir an trucail, an bus agus an carr ar an R132 i mBaile Mhic Gormáin (Gormanston), Co. na Mí, cúpla ciliméadar ó thuaidh ó Bhaile Brigín, timpeall 6.30 ar maidin.

Tógadh tiománaí an chairr, bean sna 40idí, go dtí Ospidéal Beaumont le haghaidh cóireála, agus tógadh a paisinéir, cailín déagóra, ar dtús go hOspidéal Our Lady of Lourdes i nDroichead Átha agus ansin go dtí Ospidéal Leanaí Temple Street i mBaile Átha Cliath.

Pictiur Fran Veale 1
Pictiúr: Fran Veale

Tuigtear go raibh suas le deichniúr paisinéirí bus eile gortaithe, agus fuair roinnt acu cóireáil le haghaidh turraing tar éis dóibh an timpiste a fheiceáil.

Tuigtear gurbh é Paul Conway, sna 40idí agus bunaithe i n-iosta (depot) i gceantar Dhroichead Átha, tiománaí an bhus. Ainmníodh tiománaí na trucail go háitiúil mar Wayne O’Reilly, sna 40idí freisin.

Dheimhnigh Bus Éireann gurbh é an tseirbhís 101 a bhí i gceist, a nascann Baile Átha Cliath, Sord, Baile Brigín agus Droichead Átha.

Dúnadh an R132 le scrúdú teicniúil ag imscrúdaitheoirí timpistí fóiréinseacha na nGardaí agus d’fhan sé dúnta go dtí tráthnóna.Dúirt Sharon Tolan, comhairleoir as an Mhí Thoir: ‘Tá mo smaointe agus mo phaidreacha leo siúd a bhí páirteach sa timpiste, ní hamháin na básanna ach an gortaithe freisin. Tá sé cosúil go bhfuil na timpistí seo ag tarlú gach lá anois.’

Mhínigh sí gur bhóthar gnóthach é seo fós, mar phríomhbhealach Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste roimh an M1.

Dúirt Darren O’Rourke, TD Shinn Féin as an Mhí Thoir, gur timpiste ‘uafásach’a bhí ann ar ‘cheantar thar a bheith gnóthach’.

Dúirt Stephen McKee, comhairleoir áitiúil Fhianna Fáil: ‘Cuimhnítear arís go brónach ar an mbaol ar ár mbóithre. Tá mo smaointe agus mo phaidreacha leis na teaghlaigh atá buailte go tragóideach.’

Pictiur Fran Veale 2
Pictiúr: Fran Veale

Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a chonaic an timpiste teagmháil a dhéanamh leo, go háirithe úsáideoirí bóthair a raibh taifeadadh ceamara acu idir 5.45 agus 6.45 ar maidin ar an R132 i mBaile Mhic Gormáin

Dúirt Peadar Tóibín, TD Aontú as an Mhí Thiar: ‘Tá sé seo thar a bheith brónach i gceantar atá buailte cheana féin. Go dtuga Dia suaimhneas dóibh.’

Dúirt an tAire Iompair Darragh O’Brien: ‘Táim buailte go mór agus brónach tar éis dom a chloisteáil faoin timpiste thragóideach gar do Bhaile Mhic Gormáin, Co. na Mí… Tá mo roinn i dteagmháil le Bus Éireann agus an NTA agus ag soláthar gach tacaíocht riachtanach.’

Dúirt Jean O’Sullivan, príomhfheidhmeannach Bus Éireann: ‘Is turraing mhór é cailliúint comhghleacaí do gach duine iagBus Éireann – tá ár smaointe go mór le teaghlach, cairde agus comhghleacaithe atá buailte go trom ag an gcaillteanas. Táimid tiomanta tacaíocht a thabhairt do chách atá buailte agus cabhrú leis na húdaráis ar gach bealach is féidir.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram