Tá tacaíocht tugtha ag Carla Ward d’imreoirí Éireannacha nach gcaitheann poipín

21/11/2025

Tá cáineadh déanta ar Katie McCabe agus ar imreoirí Éireannacha eile mar nach bhfuil siad sásta poipín a chaitheamh ach tá a mbainisteoir Sasanach Carla Ward ag seasamh leo.

Tá bainisteoir fhoireann ban Phoblacht na hÉireann, Carla Ward, tar éis seasamh a himreoirí a chosaint maidir le gan an poipín a chaitheamh agus iad ag imirt peile sa Bhreatain.

Tá srianta ag formhór na n-eagraíochtaí spóirt ar dhaoine suaitheantais áirithe a chaitheamh mar d’fhéadfadh siad masla a chur ar daoine eile, ach sa Bhreatain cuirtear brú ar bhainisteoirí agus ar imreoirí suaitheantas – an poipín – a chaitheamh mar gheall ar stair fhada mhíleata na tíre sin.

Is as Torquay i Sasana í Carla Ward, agus labhair sí amach tar éis di a scuad a fhógairt don chluiche cairdiúil faoi dhúnadh i gcoinne na hUngáire ag deireadh na míosa.

Carla Ward
Carla Ward. Pictiúr: Ben McShane/Sportsfile

Is é seo an t-am den bhliain sa Bhreatain nuair a mheabhraíonn daoine arm na Breataine trí phoipín a chaitheamh do Lá Cuimhneacháin.

Roghnaigh ceathrar imreoir Éireannacha – Abbie Larkin agus Hayley Nolan ó Crystal Palace, Caitlin Hayes ó Brighton, agus captaen na hÉireann Katie McCabe – gan an poipín a chaitheamh.

Chuir sé seo corraíl mhór sa Bhreatain, mar a tharla roimhe seo le James McClean.

Níor chaith McClean, iarimreoir na hÉireann, an poipín le fada agus mhínigh sé a sheasamh go minic, ag rá go ceiliúrann an poipín freisin na saighdiúirí a bhí páirteach i nDomhnach na Fola i nDoire i 1972 agus gníomhartha foréigin eile arna ndéanamh ag saighdiúirí Briotanacha in Éirinn agus in áiteanna eile..

Chosain Ward a himreoirí, ag rá: ‘Sílim go bhfuil sé tábhachtach go ndéanann gach duine a chinneadh féin agus go bhfuil a gcreideamh ina gcreideamh féin, tá sé sin fíorthábhachtach.

‘Tá taithí éagsúla ag gach duine agus tá sé de cheart ag gach duine a chreidiúint agus a mhothú mar a mhothaíonn siad.’

Katie McCabe 3 Stephen McCarthy Sportsfile
Katie McCabe. Pictiúr: Stephen McCarthy/Sportsfile

Maidir leis an drochíde a fuair imreoirí cosúil le McCabe i ndiaidh a gcinneadh, dúirt Ward go raibh sé ‘míréasúnta’ agus gur oibrigh sí le club ar an ábhar, cé nár ainmnigh sí an club.

Dúirt sí: ‘Sílim nach raibh sé tuillte mar tá a chreideamh féin ag gach duine agus cúiseanna dá gcreideamh. Ní luafaidh mé cé na himreoirí nó cén club, ach bhí mé páirteach i gcomhrá faoi cé chomh míchompordach agus a bhí imreoir áirithe, agus an difríocht a chruthaigh sé sin sa dinimic.

‘Ach láimhseáil an club é go hiontach – tháinig siad le chéile agus fuair siad réiteach mar fhoireann iomlán. Bhí sé sin fíorthábhachtach mar níor cheart go mbeadh imreoirí faoi réir drochíde amaideach.’

Agus í ag caint faoin gcluiche atá le teacht, mhínigh Ward go mbeadh an campa beag seo ina dheis chun imreoirí nua agus teaglamaí nua a thriail, agus luaigh sí obair Kelly Brady.

Is as Nua-Eabhrac í Brady, agus tá sí tar éis séasúr iontach a chríochnú le Club Peile Bhaile Átha Luain, áit ar bhuaigh sí an ‘golden boot’ agus imreoir na bliana i Sraith na hÉireann.

Tá sí ina gníomhaí saor faoi láthair, agus dúirt Ward go bhfuil an t-imreoir 23 bliain d’aois tar éis traenáil le clubanna i Sasana.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram