Troy Parrott: ‘Tá mo Mham an duine is tábhachtach domsa’

17/11/2025

Labhair Jennifer, máthair Troy Parrott, faoina mac ag fás aníos agus na naisc teaghlaigh atá acu

Ag aois 23, tá Troy Parrott tar éis gairm rathúil a thógáil dó féin sa saol spóirt. Is laoch é anois ina thír féin agus tá a ainm i gceannlínte ar shuíomhanna gréasáin nuachta agus i nuachtáin ar fud an domhain.

Ach ag an nóiméad sin, nuair a bhí sé ina laoch ar fud an domhain – tar éis trí chúl a fháil in aghaidh na hUngáire, a thug deis d’Éirinn a bheith sa Chorn Domhanda ar an Domhnach –  bhí a chuid smaointe ar a mháthair agus ar a theaghlach.

Laoch peile na hÉireann lena theaghlach
Laoch peile na hÉireann lena theaghlach

‘Tá mo Mham an duine is tábhachtach domsa, agus mo theaghlach chomh maith,’ a dúirt Troy.

Tá grá agus tacaíocht a mhuintir agus a chailín, Lauren Bowry, an-tabhachtach do.

Is é Troy an páiste lárnach de chúigear agus d’fhás sé aníos ar Shráid Buckingham i mBaile Átha Cliath. Dúirt a mháthair Jennifer go raibh sé ‘iontach mar pháiste’.

Troy agus Lauren Bowry. Pic: Lauren Bowry/Instagram
Troy agus Lauren Bowry. Pic: Lauren Bowry/Instagram

‘Bhí sé ciúin i gcónaí. Bhí grá aige don pheil i gcónaí. Tá an ceantar as a thángamar faoi mhíbhuntáiste sa lárchathair. Choinnigh an pheil é dírithe agus choinnigh sé é ó thrioblóid,’ a dúirt sí.

‘Is e seo a bhrionglóid. Ní bhfuair sé an deis i ndáiríre tús a chur le mórán cluichí ar son na hÉireann. Bhí sé ag fanacht lena dheis, agus tá sé faighte aige anois.’

Labhair Jennifer le hOliver Callan ar  Raidió RTÉ 1 ar an Aoine, tar éis an chluiche in aghaidh na Portaingéile ach roimh an chluiche in aghaidh na hUngáire.

Troy Parrott
Troy Parraott ag ceiliúradh a dhara cúl i gcoinne na Portaingéile sa Stad Aviva i mBaile Átha Cliath. Pictiúr: Sporstfile

Ag an am bhí daoine ag rá: ‘Is dócha gurbh é seo an oíche ba mhó’ dá shaol, mar gheall gur scóráil sé dhá chúl d’Éirinn in aghaidh na Portaingéile.

Mar sin féin, lean a rath ar an Domhnach nuair a scóráil sé tréchleas (hat trick) d’Éirinn chun an bua a chinntiú ar an Ungáir, ag coinneáil ár mbrionglóidí Corn an Domhain 2026 beo.

Dúirt a mháthair go raibh a ‘croí i mbéal a bhéil’ le linn an chluiche in aghaidh na Portaingéile.

Troy Parrott in 2016. Pic: Diarmuid Greene/Sportsfile
Troy Parrott in 2016. Pic: Diarmuid Greene/Sportsfile

Dúirt sí: ‘Bhí mé ag guí agus ag guí gan stad. Ar dtús, nach ndéanfaí gortú dó, sin a ghuím i gcónaí. Ach ansin bhí sé dochreidte. Bhí mé ag léim le háthas.’

Tar éis dó an dara cúl a scóráil ag an clhuiche sin, dúirt Jennifer: ‘Cheap mé go raibh mé i mbrionglóid. Bhí sé go hiontach.

‘Bhíomar go léir ann, a dheartháireacha agus a dheirfiúracha. Bhíomar lán d’áthas, ag caoineadh agus ag léim thart. Bhí sé iontach. Agus an slua, an lucht leanúna, bhí siad iontach.’

Troy Parrott Pictiur Stephen McCarthy Sportsfile
Troy Parrott. Piictiúr: Stephen McCarthy/Sportsfile

Dúirt sí: ‘Chonaic mé é ina dhiaidh sin agus bhí sé ciúin beagáinín. Sílim go raibh sé ag glacadh leis an méid a tharla.

‘Nuair a chonaic mé é sa limistéar imreoirí thug mé barróg mhór dó agus dúirt mé leis go bhfuil mé bródúil as.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram