Imní mhór faoi bheartais nua McEntee don Ghaeilge

06/11/2025

Tá dhá pholasaí nua fógartha ag an Aire Oideachais Helen McEntee chun tacú leis an nGaeilge i scoileanna, ach cad iad na spriocanna atá aici?

Sheol an tAire Oideachais Helen McEntee dhá pholasaí nua chun feabhas a chur ar an gcaoi a múintear an Ghaeilge i scoileanna. Agus cé gur cuireadh fáilte roimh an gcéim dhearfach i dtaca lenár dteanga dhúchasach a thacú, tá imní ann faoi cé chomh tiomanta is atá an Rialtas iad a chur chun cinn.

Tá na polasaithe deartha chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn do dhaltaí i nGaelscoileanna agus do dhaltaí a fhoghlaimíonn an Ghaeilge i scoileanna ina bhfuil an Béarla mar phríomhtheanga.

Is iad sin an Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus an Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla. Deir an Roinn gur cloch mhíle shuntasach iad seo maidir le teagasc, foghlaim agus úsáid na Gaeilge i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna meán-Bhéarla araon.

Helena McEntee
Helena McEntee

Mar sin féin dúirt Conradh na Gaeilge, i ráiteas, go bhfuil na móréilimh atá déanta faoi na polasaithe seo fágtha ar lár.

Tá pleananna cuiditheacha á gcur chun cinn agus tá agóidí eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus ag grúpaí eile, le blianta fada anuas, chun airí Rialtais a chur ar an eolas faoi na bagairtí atá ar an nGaeilge.

Le déanaí, rinne 60,000 duine máirseáil trí shráideanna Bhaile Átha Cliath chun a gcuid frustrachais a chur in iúl faoin easpa uaillmhéine leanúnach i moltaí Rialtais don Ghaeilge.

Tá eagla orthu go dtarlóidh an rud céanna leis na polasaithe is déanaí.

Ag caint faoin seoladh, dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin go raibh siad ag cur fáilte ‘roimh aon ghníomh a chabhróidh leis an nGaeilge sa chóras oideachais’.

Ach dúirt sé freisin: ‘Ní dóigh linn go bhfuil an Plean Gnímh chun an cruachás ina bhfuil an Ghaeilge sa chóras oideachais faoi láthair a réiteach.’

Chuir sé an fhadhb in iúl go gonta: sé sin, nach bhfuil ach 6% de dhaltaí ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge.

Screenshot 2025 11 06 230622 1

Dúirt sé: ‘Cé go raibh sprioc ag an Rialtas deiridh go n-oibreoidís i dtreo líon na ndaltaí i scoileanna Gaeilge a dhúbailt, thit na figiúirí 3% le linn a dtéarma, gan aon iarracht mhacánta déanta acu gníomhú ar a sprioc féin.’

Agus na polasaithe nua á seoladh aici, labhair an tAire Oideachais Helen McEntee faoi thábhacht na Gaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo lasmuigh den seomra ranga freisin.

Agus léirigh an Roinn Oideachais go bhfuil gnéithe áirithe den phlean tosaithe cheana féin, lena n-áirítear uaireanta tacaíochta teanga agus forbairt acmhainne tacaíochta nuálaí do thuismitheoirí ag Gaeloideachas.

Leagtar amach freisin, sa Pholasaí nua don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, fís don oideachas lán-Ghaeilge, lena n-áirítear go mbeidh ‘oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chách, i suíomhanna oideachais atá cuimsitheach agus ilchultúrtha’.

Ciarán Mac Giolla Bhéin
Ciarán Mac Giolla Bhéin

Cuirfear tacaíochtaí ar fáil faoin bpolasaí lena n-áirítear uaireanta tacaíochta teanga don Ghaeilge, forbairt acmhainní agus treoir agus deiseanna foghlama gairmiúla múinteoirí.

Dúirt siad freisin go mbeidh Tascfhórsa ar Mhúnlaí Soláthair don Oideachas Lán-Ghaeilge ann, ‘a thabharfaidh páirtithe leasmhara agus oifigigh na roinne le chéile chun bealach chun cinn a chomhdhearadh chun an earnáil a fhás agus é mar aidhm aige deiseanna a leathnú do pháistí agus do dhaoine óga a gcuid oideachais a fháil trí Ghaeilge’.

Tionólfar an chéad chruinniú den tascfhórsa níos déanaí an mhí seo.

Tá ceithre bhunchloch lárnacha mar bhonn faoin bplean nua:

  • Meonta dearfacha a chothú i leith na Gaeilge;
  • Úsáid na Gaeilge a mhéadú;
  • Tacú le rochtain ag gach leanbh agus duine óg ar fhoghlaim na Gaeilge;
  • Tacaíochtaí don Ghaeilge a chomhtháthú.

Dúirt an tAire McEntee: ‘Faoin bpolasaí seo, cinnteoimid go mbeidh éiceachóras de thacaíochtaí agus acmhainní cuí ar fáil do scoileanna agus dá bpobail.

‘Áireofar leis seo uaireanta tacaíochta teanga don Ghaeilge a chur ar fáil do scoileanna ar bhonn céimnithe, a chabhróidh le scoileanna tacú le riachtanais éagsúla teanga na ndaltaí agus na scoláirí, agus tacaíocht agus treoir a chur ar fáil ón Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus Oide, seirbhís tacaíochta do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile.

‘Oibreoimid freisin chun a chinntiú go mbeidh níos mó deiseanna ag páistí agus daoine óga taithí a fháil ar an nGaeilge mar theanga bheo taobh amuigh den seomra ranga,’ a dúirt Aire McEntee.

Mar sin féin, léirigh Conradh na Gaeilge a n-imní go bhféadfadh na pleananna seo teip, mar atá déanta ag cinn eile, mar nach bhfuil spriocanna socraithe acu agus nach bhfuil siad uaillmhianach.

Julian de Spáinn
Julian de Spáinn

Dúirt an tUasal Mac Giolla Bhéin: ‘Le linn an chomhairliúcháin ar an bPlean Gnímh, éilíodh córas nua solúbtha, bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, a bheadh in ann freastal ar dhaltaí le riachtanais bhreise, ar dhaltaí ag teacht isteach déanach sa chóras agus a chuirfeadh eispéireas sásúil foghlama Gaeilge ar fáil do gach dalta.

‘Éilíodh go mbunófar coiste saineolach láithreach bonn leis an gcóras nua seo a fhorbairt.’

Agus dúirt sé: ‘Faraor, níl na spriocanna seo san áireamh sa Phlean Gnímh nua.’

 Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: ‘Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Óige, Helen McEntee, coiste saineolach a bhunú chun polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais, bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, a fhorbairt gan a thuilleadh moille. Is í seo an chéad chéim atá de dhíth i bhforbairt an pholasaí.

‘Chomh maith leis sin táimid ag éileamh ar an Aire a chinntiú go mbeidh sé mar phríomhaidhm ag an tascfhórsa nua teacht ar ais laistigh den bhliain atá leagtha amach dóibh le sprioc shoiléir, uaillmhianach agus intomhaiste d’fhás na Gaelscolaíochta.

Screenshot 2025 11 06 230644

‘Creideann muid gur chóir go mbeadh fás 20% laistigh de 20 bliain leagtha síos mar sprioc.’

Tar éis an oiread sin pleananna teipthe, táthar ag súil go n-éistfidh an tAire McEntee leis an gcomhairle agus go leagfaidh sí síos spriocanna cuí lena chinntiú go n-oibreoidh a plean.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram