

Tá tionchar mór ag Imelda May ar dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim, lena sraith ghearr teilifíse ar RTÉ. Ón gcaoi ar chuaigh a cuid tuairtimí i bhfeidhm ar an bpobal, is cosúil go bhfuil sí ag léiriú frustrachas go leor daoine.
Deir an t-amhránaí as Baile Átha Cliath go raibh sí ag streachailt le bheith líofa sa Ghaeilge agus mar sin rinne sí iarracht í a fhoghlaim trí na seanamhráin a fhoghlaim.

Tá an-tóir ar an tsraith – a leanann ar aghaidh oíche Aoine ar RTÉ 1 – mar go léiríonn Imelda a streachailt féin i bhfoghlaim na Gaeilge agus cé chomh tábhachtach is atá sí di.
Leanann an tsraith an turas pearsanta atá déanta aici agus í ag tabhairt aghaidh ar a chaidreamh leis an nGaeilge trí amhránaíocht ar an sean-nós.
Bhí sí ar an Late Late Show freisin an Aoine seo caite freisin agus dúirt sí go bhfuil ‘faitíos’ agus ‘náire’ ag go leor daoine maidir leis an nGaeilge.
Dúirt sí: ‘Níl sé i do locht féin nach bhfuil Gaeilge agat.’
Bhí an t-amhránaí as na Saoirsí (Liberties) ag caint le Patrick Kielty faoina sraith fhaisnéise Imelda May: Amhráin na nGael.

‘Tá sé ag teacht le fada,’ a dúirt sí faoin tsraith shé chuid, ag míniú gur tháinig an smaoineamh uirthi agus í ag scannánú Lily & Lolly: The Forgotten Yeats Sisters in éineacht le Gaeilgeoir Maggie Breathnach.
‘Agus sinn ag taisteal timpeall, bhíomar ag caint faoin teanga,’ a dúirt sí. ‘Dhéanfadh sí iarracht mé a spreagadh chun labhairt, ach d’fhágfainn mé féin faoi ghlas. Déarfainn, “Ó, ní féidir liom, ní féidir liom labhairt leat, is Gaeilgeoir thú”.
‘Sin é go díreach mar a thosaigh an comhrá. Thángamar ar an tuairim go raibh gá rud éigin a dhéanamh faoi, mar dá mhéad a labhair mé le daoine, is ea is mó a thuig mé nach mise amháin a mhothaíonn mar sin – tá go leor againn a mhothaíonn mar sin.’
Chan Imelda amhrán as Gaeilge ar an gclár agus dúirt sí: ‘Tá go leor daoine cosúil liomsa a mhothaíonn beagáinín fágtha ar gcúl agus níl a fhios agat cá háit le tosú.
‘Tá Raidió na Gaeltachta, TG4 – ní féidir liom coinneáil suas leo. Theastaigh uaim é seo a dhéanamh dom féin agus do gach duine eile a mhothaíonn mar an gcéanna, agus mé féin a chur sa suíomh ciotach, náireach, scáfar sin – mar atá tú arís i do pháiste 10 mbliana d’aois ar scoil.’

Nuair a dúirt Kielty go bhfuil ‘faitíos‘ timpeall na Gaeilge, d’aontaigh Imelda leis.
‘Tá faitíos ann, tá náire ann,’ a dúirt sí, ag cur leis gur spreag Lillis Ó Laoire í le linn na sraithe.
‘Agus mé ag caint le Lillis, thuig mé nach mise atá ciontach, nach tusa atá ciontach nach bhfuil Gaeilge agat. Ní sinne atá ciontach – baineadh uainn í,’ a dúirt sí.

‘Níor dhúisigh mé agus Gaeilge agam mar pháiste, agus níl sé i mo locht. Sin é a thug an tslí chun cinn dom.’
‘Dúirt sí, ‘Téigh thar do náire. Ní mar gheall nár thug tú aird ar scoil atá sé. Tá sé níos doimhne ná sin.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.