

Bhí cáineadh forleathan ar chinneadh tobann Shane Ryan, snámhóir Éireannach a ghlac páirt i dtrí Chluiche Oilimpeacha, dul le comórtas conspóideach na ‘Cluichí Feabhsaithe (Enhanced Games)’ an bhliain seo chugainn.
Ceadaítear do lúthchleasaithe sa chomórtas seo substaintí feabhsaithe feidhmíochta (performance-enhancing substances) a thógáil – substaintí atá toirmiscthe de ghnáth – faoi mhaoirseacht leighis.

D’fhógair Ryan, a chuaigh ar scor ón snámh iomaíoch an tseachtain roimhe sin, go mbeidh sé ag glacadh páirte sa chéad eagrán de na Enhanced Games i Las Vegas i mBealtaine.
Dúirt sé go raibh sé ar bís dul sa chéad chaibidil eile dá shaol spóirt
Dúirt Ryan: ‘Tar éis deich mbliana tiomnaithe do chomórtais thraidisiúnta ar ardán domhanda, tá mé réidh le dul sa ré nua seo.
‘Tá mé ag iarraidh a fháil amach céard go díreach atá mo chorp in ann a dhéanamh, agus anseo, le béim ar shábháilteacht agus sláinte an lúthchleasaí, faighim an deis sin.
‘Tá mé ag súil le m’amanna pearsanta a shárú agus dúshlán a thabhairt do na taifid dhomhanda.’
Dúirt Cumann Snámha na hÉireann (Swim Ireland) go raibh siad an-díomách lena chinneadh agus nach mbeidh siad ag tabhairt aon mhaoiniú ná tacaíocht dó feasta.
Ní bheidh Ryan a thuilleadh mar chuid dá bhfoireann náisiúnta.
Luaigh Cónaidhm Oilimpeach na hÉireann go ndeachaigh an cinneadh seo go díreach i gcoinne luachanna lárnacha spórt glan, luachanna a thacaíonn le gluaiseacht Oilimpeach na hÉireann agus le Cód Frithdhópála Domhanda.
Dúirt Spórt Éireann gur teachtaireacht nimhneach atá sa chomórtas seo, go háirithe do lúthchleasaithe óga.
Ní hamháin go dtugann na substaintí seo buntáiste míchothrom, ach is féidir leo dochar tromchúiseach a dhéanamh don tsláinte. I gcásanna áirithe, tá lúthchleasaithe tar éis bás a fháil mar gheall ar na drugaí seo.
Ba é Shane Ryan an chéad fhear Éireannach riamh a ghlac páirt i dtrí Chluiche Oilimpeacha – Rio 2016, Tóiceo 2020 agus Páras 2024.
Rugadh Ryan i Pennsylvania ach bhog sé go hÉirinn i 2014 chun ionadaíocht a dhéanamh ar thír a athar.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.