Plean Buiséid atá ag Sinn Féin don Ghaeilge

Foilseofar Buiséad an Rialtais Dé Máirt, agus idir an dá linn, tá Sinn Féin tar éis a nochtadh cad a dhéanfaidís don Ghaeilge.

Tá Sinn Féin tar éis a mbeartas infheistíochta don Ghaeilge a fhoilsiú mar chuid dá dtograí buiséid mhalartacha.

Teastaíonn cur chuige tras-Rialtais chun dul i ngleic le géarchéim na teanga, a deir siad.

Impíonn Sinn Féin ar an Rialtas athrú poirt a dhéanamh chun pobal na Gaeilge a tharrtháil, a deir Urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir Aengus Ó Snodaigh.

Sinn Féin: Pearse Doherty
Sinn Féin: Pearse Doherty

Beidh Urlabhraí Airgeadais an pháirtí, Pearse Doherty, ag cur a bpleananna caiteachais go léir i láthair sa Dáil.

Tá polasaithe foilsithe cheana féin ag Sinn Féin maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais, normalú na Gaeilge sa ghnáthshaol laethúil, pleanáil tithíochta sa Ghaeltacht, agus daonlathú an Údaráis.

Tá Sinn Féin tiomanta dul níos faide ná an Plean Fáis curtha le chéile ag 130 eagraíocht teanga, a mhol €55 milliún sa bhreis don earnáil Gaeilge agus Gaeltachta i mbliana, a deir siad.

Mar sin, anuas ar mhaoiniú cáinaisnéise 2025, tá Sinn Féin ag lorg €73.6 milliún breise don earnáil teanga i 2026, ag cuimsiú €56.1m reatha agus €17.5m caipitil.

I measc príomh-mholtaí atá ag Sinn Féin don earnáil, tá siad ag lorg:

• €29.1 milliún breise trí Rannóg na Gaeltachta ag cuimsiú €11.1m d’Údarás na Gaeltachta agus ról le bronnadh orthu ag tacú le tithíocht, €5m d’Fhoras na Gaeilge, €4.3m chun Ciste Caipitil a bhunú d’ionaid Gaeilge, Pacáiste Tarrthála €2.9m do Choláistí Samhraidh agus Mná Tí, €2.1m chun Scéim Labhairt na Gaeilge a athbhunú, €2.1m breise don Phleanáil Teanga, €1.4m chun leabhair Gaeilge a chur ar fáil do leanaí saor in aisce, agus aonad cultúir agus sochtheangeolaíochta a bhunú sa Phríomhoifig Staidrimh;

• €25.9 milliún breise don Ghaeilge sa chóras oideachais, chun tacú le fás an Ghaeloideachais trí phlean cuimsitheach a thionscnú don teanga ag gach leibhéal le spriocanna lán d’uaillmhian, liúntais na múinteoirí lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a thabhairt ar ais, Ciste Caipitil don Ghaeloideachas agus Ciste Spreagtha do Naíonraí a bhunú, ranganna saor in aisce do dhaoine fásta agus seachtain breise Gaeltachta d’ábhair oidí a mhaoiniú, agus maoiniú don Ghaeilge ag an tríú leibhéal a dhúbailt;

• €18.6 milliún breise do na meáin Gaeilge, ag cuimsiú ardú suntasach sa mhaoiniú don chraoltóir TG4 agus stáisiún nua raidió lán-Ghaeilge a bhunú don óige. Dé Máirt seo chugainn, tá deis ag an Rialtas dul i ngleic le dúshláin na teanga leis na beartais seo.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram