Ghabh fórsaí Iosraelacha triúr Éireannach ar an flotilla daonnúil ag dul go Gaza

01/10/2025

Chuaigh Iosraelaigh ar bord longa i Flotilla Sumud atá ag iarraidh bia agus cúnamh a thabhairt go Gaza, agus ghabh siad go leor daoine, triúr Éireannach ina measc, de réir tuairiscí

Ghabh fórsaí Iosraelacha trí shaoránach Éireannach ar a laghad nuair a stop siad an Flotilla Sumud ó chabhair a thabhairt go Gaza, de réir tuairiscí.

Chuaigh 20 long míleata Iosraelach i gcoinne an Sumud agus chuaigh na saighdiúirí ar bord na long cúnaimh, 75 míle amach ó chósta Gaza.

Bhí siad ag iarraidh an bac mídhleathach a bhriseadh agus cúnamh daonnúil a thabhairt do na Phalaistinigh.

Bhí níos mó ná 40 bád sibhialta sa flotilla, ina raibh thart ar 500 oibrí deonach, lena n-áirítear parlaiminteoirí, dlíodóirí agus gníomhaithe.

Flotilla Sumud
Flotilla Sumud

I measc na ndaoine sin tá an Seanadóir Chris Andrews agus Tadhg Hickey as Éirinn mar aon le Greta Thunberg agus an t-aisteoir Susan Sarandon.

Dúirt eagraithe Flotilla Domhanda Sumud ó 8.30pm, am Gaza, Dé Céadaoin, go ‘bordáladh go leor soitheach den flotilla go mídhleathach ag Fórsaí Gabhála Iosraelacha in uiscí idirnáisiúnta’.

Níos luaithe, ar Dé Céadaoin bhog an Sumud isteach i ‘zóin ardriosca’, 280km ó Gaza, áit ar ionsaigh nó ar stop fórsaí Iosrael flotilla roimhe seo.

Agus dúirt na hoibrithe deonacha  go raibh gníomhaíocht dróin ag méadú de réir mar a tháinig sé níos gaire do thír dhúchais na Palaistíne.

D’éiligh Tuairisceoir Speisialta na Náisiún Aontaithe, Francesca Albanese, agus Uachtarán na Colóime, Gustavo Petro, go bhfágfaí an flotilla ag dul ar aghaidh gan dochar.

Dúirt Iosrael go stopfadh sé iad, ag maíomh go bhfuil na hoibrithe deonacha ag iarraidh ‘bac cabhlaigh dleathach a bhriseadh’, ach tá an dlí idirnáisiúnta soiléir maidir le cabhair dhaonnúil a cheadú isteach.

Tá neamhaird á léiriú ag Iosrael i gcónaí ar an dlí idirnáisiúnta gan aon smachtbhanna ó chomhlachtaí idirnáisiúnta ná ó thíortha eile.

Tá sé mar aidhm ag an Sumud, ina bhfuil níos mó ná 40 bád sibhialta le breis is 500 duine lena n-áirítear parlaiminteoirí, dlíodóirí agus feachtasóir aeráide na Sualainne Greta Thunberg, bac Iosrael a bhriseadh.

I bpost níos déanaí ar Telegram, dúirt an Sumud gur chuaigh soithí anaithnid (unidentified vessels) i dteagmháil le roinnt dá mbáid, cuid acu ag loingseoireacht gan soilse.

Dúirt sé gur imigh na soithí, agus gur chuir rannpháirtithe prótacail slándála i bhfeidhm ag súil le hidircheapadh féideartha.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram