Sos glactha ag Katie Taylor ach níl sí ar scor

28/09/2025

Tá sos tógtha ag Katie Taylor le bheith lena fear céile agus lena teaghlach ach dúirt sí go bhfuil sí réidh le filleadh

Chuaigh Katie Taylor ar Instagram le déanaí chun a céad fhocail a roinnt ó shocraigh sí sos a ghlacadh ón dornálaíocht.

D’fhógair Comhairle Dornálaíochta an Domhain (WBC) go mbeadh Taylor ag glacadh sos chun ‘gnóthaí pearsanta’ a réiteach, agus gur ainmníodh í mar ‘Seaimpín sa Sos’ – téarma a úsáidtear nuair nach féidir le seaimpín a crios a chosaint ar chúis ar leith, de ghnáth gortú.

Katie Taylor agus Amanda Serrano INPHO Gary Carr
Katie Taylor agus Amanda Serrano. Pictiúr: INPHO/Gary Carr

Cé gur sos atá i gceist, léiríonn sé an meas atá ag an WBC ar Taylor go bhfuil an teideal seo bronnta uirthi.

Tá sí tar éis a crios a chosaint le sé bliana anuas, an uair dheireanach i gcoinne Amanda Serrano i Madison Square Garden, áit ar throid sí mar phríomhimeacht don dara huair.

Bhí an WBC ag iarraidh ar Taylor troid in aghaidh dúshlán éigeantach Chantelle Cameron, rud a bheadh ina tríú troid eatarthu.

Ach dúirt Taylor nach raibh suim aici sa troid sin, ag rá gur ‘thug sí níos mó airgid do Chantelle ná mar a thuill sí’.

Anois, beidh Cameron ag troid in aghaidh Sandy Ryan don chrios WBC go luath.

Ceiliúrann Katie Taylor tar éis di Amanda Serrano a shárú. Pictiur: Noam Galai/Getty Images for Netflix
Ceiliúrann Katie Taylor tar éis di Amanda Serrano a shárú. Pictiur: Noam Galai/Getty Images for Netflix

Chuir Taylor a céad ráiteas ar Instagram ó d’fhógair an WBC an scéal, ag: ‘Táim fíorbhuíoch de @wbcmoro agus @wbcboxing as an gcinneadh mé a cheapadh mar Sheaimpín WBC Emeritus, agus táim bródúil gur Seaimpín Domhanda WBC a bhí ionam le breis is 6 bliana anois.

‘Táim ag baint taitnimh as sos gairid agus am le mo mhuintir, ach táim réidh i gcónaí don chéad dúshlán eile!’

Tugann an ráiteas sin le fios nach bhfuil Taylor ag smaoineamh ar scor go fóill.

Ní féidir aon locht a chur uirthi dá roghnódh sí é, ós rud é go bhfuil sí 37 bliain d’aois agus go bhfuil sí tar éis beagnach gach rud is féidir a bhaint amach sa dornálaíocht, go háirithe tar éis a tríú troid le Serrano.

.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram