Ní mór dúinn a bheith ag obair níos faide agus níos mó inimirce a bheith againn, de réir Gobharnóir Bhanc Cheannais

Beidh sé níos deacra ar dhaoine atá 66 agus níos sine a chaigdeán maireachtála a choinneáil gan obair a dhéanamh

Tá aois an scoir méadaithe cheana féin ó 65 go 66 – ach beidh orainn oibriú níos faide fós, a deir Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, Gabriel Makhlouf.

Beidh ar dhaoine obair níos faide chun an caighdeán maireachtála atá againn faoi láthair a chothabháil, a dúirt sé.

Luaigh sé freisin go mbeidh tionchar ag dul in aois an daonra, laghdú ar ráta breithe, agus laghdú ar líon na ndaoine atá ag obair ar fhás fostaíochta san Aontas Eorpach sna blianta amach romhainn.

Dúirt sé go mbeidh an inimirce ina ‘réiteach páirteach agus tábhachtach ar an dúshlán seo’.

OBAIR 2
Beidh ar dhaoine atá 66 agus níos sine leanúint ar aghaidh leis an obair chun a chaigdeán maireachtála, de réir Gobharnóir an Bhainc Cheannais. Pictiúr: Shutterstock

Dúirt sé ag cruinniú de chuid an OECD i bPáras: ‘Ní hé an rud is tábhachtaí ná a bheith sáite i réamh-mheastacháin daonra nó inimirce, atá neamhchinnte, ach an méid gur féidir leis an inimirce cabhrú leis an meath daonra agus fás a mhaolú.

‘Tabharfaidh sé sin am do rialtais polasaithe eile a fhorbairt, go háirithe maidir le rannpháirtíocht sa lucht saothair agus le táirgiúlacht (productivity).’

Luaigh sé freisin, le daonra ag dul i laghad, go bhfuil sé riachtanach níos mó daoine a mhealladh isteach sa lucht saothair.

Agus de réir mar a théann an daonra in aois, ardóidh an ‘cóimheas spleáchais aoise (age dependency ratio)’ sa Limistéar Euro go mór faoi 2050.

Is ie sin líon na ndaoine atá 65 bliain agus níos sine, i gcomparáid leis an daonra atá ag obair.

Dúirt sé freisin: ‘Caithfimid féachaint níos faide ná an sainmhíniú traidisiúnta ar an aois oibre, atá idir 15 agus 64 bliain, agus rannpháirtíocht a spreagadh i measc daoine os cionn 60 nó 65 bliain.

‘Leis an saol níos faide agus sláinte níos fearr, beidh ar dhaoine obair níos faide ná an aois scoir atá coitianta faoi láthair chun caighdeán maireachtála a chothabháil.’

Meastar go laghdóidh an daonra atá idir 15 agus 64 bliain san Euro Limistéar thart ar 1.5 milliún duine, rud a chuirfidh níos mó brú ar dhaoine leanúint ar aghaidh ag obair chun tacú leis an ngeilleagar.

oBAIR Getty Images
‘Luaigh sé go bhfuil sé riachtanach níos mó daoine a mhealladh isteach sa lucht saothair.’ Pictiúr: Getty Images

Dúirt sé freisin, in ainneoin na mbuaicphointí a bhí ann le blianta beaga anuas, gur sheas margadh saothair an Euro Limistéar ‘go hiontach maith’, ach táthar ag súil le fuarú áirithe amach anseo.

Dúirt sé: ‘Idir 2024 agus 2027, meastar go dtitfidh an daonra oibre san euro limistéar faoi 0.7%. Tá an tionchar fadtéarmach soiléir: ardóidh an cóimheas spleáchais aoise (age dependency ratio) go géar.

‘D’fhéadfadh daonra níos sine, le níos lú caiteachais agus níos mó coigiltis, brú anuas a chur ar éileamh foriomlán agus ar fhás praghsanna i roinnt earnálacha.

‘Tá sé seo ag teacht leis an hipitéis ‘staidreamh seasta’ (statistical stability hypothesis), a deir go mbíonn sochaithe atá ag dul in aois níos so-ghabhálaí d’fhórsaí díbhoilscithe (deflationary forces).’

Ag an am céanna, dúirt sé go gcuirfidh laghdú ar an daonra atá ag obair brú suas ar phá, rud a d’fhéadfadh boilsciú i seirbhísí a spreagadh.

Agus de réir mar a úsáideann daoine níos sine níos mó seirbhísí sláinte agus cúraim, d’fhéadfadh praghsanna sna réimsí sin dul i méid.

Tosaíonn an pinsean stáit ag 66 bliain in Éirinn.

Tá ionchas saoil faoi láthair 84 bliain agus sé mhí do mhná, agus 81 bliain agus ceithre mhí do fhir, rud a chiallaíonn go mbíonn beagnach 20 bliain scoir ag daoine.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram