

Tosóidh Jó Johnny Joe, mórshraith nua drámaíochta dúghrinn, faoin gceoltóir Johnny Ó Dúill ar an Domhnach 14ú Meán Fómhair ag 7.30pm ar Raidió na Gaeltachta.
Nascann an saothar seo ceol beo den scoth i scéal ina bhfuil scoth na n-aisteoirí gairmiúla páirteach ann, ina measc: Darach Ó Dubháin, Sorcha Ní Chéide, Macdara Ó Fátharta, Ella Nic Dhomhnaill, Máire Eilís Ní Fhlatharta & Bríd Ní Neachtain agus go leor eile. Tá sé scríofa ag an drámadóir aitheanta, Darach Mac Con Iomaire.

Beidh sraith nua den chlár Cuan an Cheoil ar Raidió na Gaeltachta le Liam Ó Maonlaí le cloisteáil gach Déardaoin ag 7pm ón 11ú Meán Fómhair. Labhraíonn Liam le ceoltóirí aitheanta agus i measc na n-aíonna a chloisfimid beidh: Máire agus Étáin Ní Churraoin, Doireann Ní Ghlacáin agus Libby McCrohan, Cathal Ó Curráin agus Megan Nic Fhionnghaile, Pauline Scanlon, John Spillane agus a lán eile. Beidh físeáin de na cláir le feiceáil ar Youtube gach seachtain freisin.
Beidh Máire Treasa Ní Dhubhghaill ar ais ar Raidió na Gaeltachta le sraith nua de Pé Scéal É, a chloisfear gach Aoine ag 3pm ón 12ú Meán Fómhair. Sa tsraith seo, cuirfidh Máire Treasa tús leis an deireadh seachtaine, le ceol beo sa stiúideo agus agallaimh.
Beidh sraith nua de An Cúinne Dána le cloisteáil gach Déardaoin ag 2.05pm ón 11ú Meán Fómhair ar aghaidh. Sa tsraith seo, tabharfaidh Tristan Rosenstock spléachadh ar na healaíona.

Beidh féasta ceoil ar na haerthonnta i rith na seachtaine chomh maith. Beidh Gráinne Ní Dhomhnaill ar ais le Nead na Fuiseoige gach maidin ón 7am, agus beidh sos ó scéalta móra an lae ag Eibhlín de Bhailís ar Cuideachta Ceoil gach maidin ó Luan go hAoine ag 10.15am.
Tabharfaidh rogha fhairsing ceoil Dónal Mac Ruairí ar Cóisir Cheoil lón anama d’éisteoirí idir 2.30-5pm ón Luan go Déardaoin, agus beidh plúr na gceoltóirí traidisiúnta le cloisteáil ar Ceol Binn Ó na Beanna le Neansaí Ní Choisdealbha gach Luan go Céadaoin ón 7-9pm. Beidh Seoda Foinn le Caitlín Ní Chualáin, ar ais gach Déardaoin ag 8.30pm, agus gach Aoine, ón 7-9pm, beidh an ceoltóir agus cumadóir aitheanta Peadar Ó Riada sa chathaoir le Cuireadh Chun Ceoil.
Beidh An Taobh Tuathail ar ais ar Raidió na Gaeltachta gach Luan ón 11pm – 1am agus gach Máirt go Aoine ó 10pm go meán oíche.
Má tá do chroí istigh sa cheol tíre, beidh An Bóthar go Nashville le Jó Ní Chéide ar siúl gach Luan ón 9-11pm agus Tequilla Tíre le Josie Ó Cualáin gach Domhnach ó 9-11pm.

Beidh Gormfhlaith Ní Thuairisg ar fáil mar is gnáth ar Adhmhaidin gach maidin ó Luan go hAoine ón 8am, agus beidh Nuacht a hAon ag 1pm le Fionnuala Ní Neachtain, Máirín Ní Ghadhra agus Colm Mac Giolla Easpaig. Beidh scéalta móra nuachta á bplé ag Fachtna Ó Drisceoil agus é ar ais ar Tús Áite, ag 5pm i rith na seachtaine. Ar an Satharn ag 11am, déanfar cíoradh ar scéalta móra nuachta agus polaitíochta ar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra.
Déanfar neart plé ar na scéalta móra spóirt anseo sa bhaile agus níos faide ó bhaile ar Spórt an tSathairn, Spórt an Tráthnóna agus Spórt an Lae gach deireadh seachtaine.
Seolfar sraith nua ceoil an geimhreadh seo, comhléiriú idir Raidió na Gaeltachta agus BBC Radio nan Gàidheal, curtha i láthair ag Dónal Mac Ruairí agus Joy Dunlop a nascann ceol agus amhráin na hÉireann agus na hAlban. I mí na Samhna, beidh Raidió na Gaeltachta i lár an aonaigh le ceol, craic agus craoltaí speisialta, beo ó Oireachtas na Samhna 2025 i mBéal Feiriste.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.