An bhfuil gradam scannán nach bhfuil baint ag Cillian Murphy leis i mbliana? Fós féin, má théann sé chun uabhair dá bharr, is é a athair an fear a choimeádfaidh ciallmhar é.
Tá Gaeilge álainn ag athair Cillian – Breandán Ó Murchú – agus d’úsáid sé í chun roinnt scéalta suimiúla a insint faoina mhac cáiliúil.
Labhair sé le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta Déardaoin.
Agus é ag caint ar an ainmniúchán don Oscar, dúirt sé: ‘Tá post aige faoi mar atá ag aon duine eile agus an t-aon difríocht atá ann ná go bhfaigheann sé an-chuid poiblíochta.
‘Tá mic agus iníonacha (sons and daughters) ag daoine eile agus tá siad ag déanamh go hiontach agus ní fhaigheann siad siúd aon phoiblíocht, tá a fhios agat!’
Is é Cillian an t-aisteoir a cheapann formhór na dtráchtairí atá chun Oscar a bhuachan i mbliana don Aisteoir Fireann is Fearr don ról mar Robert Oppenheimer in Oppenheimer, a bhfuil Golden Globe aige cheana féin.
Ag labhairt dó ar ainmniúchán a mhic, dúirt Breandán, cé go bhfuil fuadar sna meáin maidir lena ainmniúchán, go bhfuil rudaí níos tábhachtaí ar domhan.
Dúirt sé leis An Saol Ó Dheas, a chraoltar gach lá ó Luan go hAoine ag meán lae ar Raidió na Gaeltachta: ‘Tá sé chomh maith agam a rá leat gur chóir dom a bheith ciallmhar mar gheall ar an rud ar fad.
ÉIST LEIS AN AGALLAMH IOMLÁN. CLICEÁIL ANSEO
‘Tá an t-uafás bolscaireachta agus fuilibiliú (hullabaloo). ag baint leis. Sin ar leibhéal amháin agus ansin tá an obair agus is rud eile ar fad é sin. Measctar an dá rud is dóigh liom,’ a dúirt sé.
‘Tá na meáin an-ghafa leis an rud faoi láthair agus tá sé sin go breá ach ní hé an scéal ar fad é, an dtuigeann tú?
‘Agus rud eile, tá an méid sin rudaí ag titim amach ar an domhan gur chóir a bheith ciallmhar mar gheall air.’
Ach ní an t-athair amháin atá an smaoineamh sin aige.
Ag caint faoi a mhac, dúirt Breandán: ‘Tá sé féin á rá sin chomh maith. Cé go bhfuilimid an-sásta ar fad leis agus an-áthas orainn go bhfuil ag éirí go maith leis.’
Agus an searmanas ar siúl i Los Angeles, dúirt Breandán gur dócha nach mbeidh sé féin ná a bhean in ann a bheith ann.
Mar sin féin, rachaidh sé chuig na BAFTAs, áit a bhfuil Cillian ainmnithe freisin, i Sasana.
‘Má ainmnítear é do BAFTA, rachaimid ann agus é níos gaire don bhaile agus nuair a thiocfaidh sé abhaile ó na hOscars, déanfaimid císte dó.’
Labhair Cillian le déanaí faoin gcaoi ar cheiliúir sé an nuacht faoin ainmniúchán don na hOscars, ag rá leis an Irish Times: ‘Bhí mé sa bhaile i gCorcaigh, i gcistin mo thuismitheoirí … Mar sin chuala mé nuair a thosaigh an fón ag pingin… Is trí chomhtharlú a tharla mé a bheith sa bhaile.
‘Bhí mé le mo thuismitheoirí agus mo bhean chéile. Mhothaigh sé mar an áit cheart le bheith ann.
Ní raibh ach cupán tae againn, agus ansin thug mo mháthair amach an císte – mar sin bhí tae agus císte againn. Mar sin bhí sé go deas.’
Mar sin, tá an chuma ar an scéal nach bhfuil gá ag Cillian lena athair chun é a choinneáil ciallmhar.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.