Gena Heraty: ‘Bhí eagla orm go n-úsáidfí duine againn in íobairt dhaonna’

Labhraíonn Gena Heraty amach don chéad uair tar éis a fuadach i Háítí

Tháinig Gena Heraty, oibrí misinéireachta Éireannach, amach slán ar an 29 Lúnasa tar éis 26 lá i ngéibheann i Háítí.

Bhí sí gafa in éineacht le cúigear eile agus buachaill beag trí bliana d’aois. Bhíodar i seomra beag, gan ach leaba amháin, agus gan dóthain bia ná soláthairtí.

Gena Heraty
Gena Heraty

D’inis sí go raibh eagla uirthi go n-úsáidfí duine acu i dheasghnách (ceremony) vúdú.

‘Deir na ganganna go bhfuil siad ag obair don diabhal,’ a dúirt Gena. ‘Bhí mé scanraithe go ndéarfadh sagart draíochta leo go gcaithfidís duine a íobairt chun cumhacht a fháil.’

Gach lá, bhí sí ag iarraidh go mbeadh an dóchas níos láidre ná an eagla.

D’inis Gena do Tommy Marren ar Midwest Radio go raibh sí ag éisteacht le caint na gabhálaithe gach oíche.

‘Bhíodar ag caint faoi ionsaithe eile a bhí ar siúl acu,’ a dúirt sí.

Bhí foréigean fisiceach agus béil i gceist. Dúirt Gena gur bhuail duine óg í le crios.

‘Bhí mé ag suí os a gcomhair go minic, ag iarraidh go roghnófaí mise seachas an buachaill beag,’ a dúirt sí.

‘Nuair a bhuail sé m’arm, dúirt mé liom féin: “Go raibh maith agat, Íosa, nach é m’aghaidh atá á bhualadh”.’

Bhí dhá bhean eile buailte freisin. ‘Bhí a fhios agam gur theastaigh uathu go screadfainn amach, ach ní rinne mé é,’ a dúirt sí.

Bhí an buachaill beag in aice léi. Roinn siad blaincéad ar an urlár. Ní raibh ach cupán beag ríse acu gach lá, agus sábháladh an chuid is mó dó.

‘Nuair a bhí buinneach (diarrhoea) air, ní raibh aon clúidíní (nappies) againn,’ a dúirt sí.

Chabhraigh cuimhní ar Bobby Sands agus ar ár sinsir léi dul tríd an ocras.

haiti feat

‘Bhí mé ag glaoch orthu go léir le neart a thabhairt dúinn,’ a dúirt sí.

Bhí mana a hathar ina chabhair di: Níl aon olc nach bhféadfadh a bheith níos measa. Bhí sí ag guí do dhaoine eile freisin – do mhuintir Gaza, do dhaoine ocracha, agus do dhaoine gan tacaíocht.

Uair amháin dúirt an buachaill léi: ‘Gena, tá an Mhaighdean Mhuire ann,’ agus é ag síneadh a mhéar i dtreo an bhalla.

Dúirt sí go raibh sé ag feiceáil an Mhaighdean Mhuire arís agus arís eile. ‘Má fheiceann sé an Mhaighdean Mhuire, beimid ceart go leor,’ a dúirt sí.

Tá sí fós i Háítí, ag obair sa dílleachtlann.

‘Thóg na ganganna míosa uaim, ní bhfaighidh siad soicind eile,’ a dúirt sí. ‘Nuair a bhíonn tú ag tabhairt aghaidh ar olc, caithfidh tú do dhícheall a dhéanamh chun maitheas a scaipeadh.’

Bhí fearg uirthi gur thángadar chuig teach lán le páistí agus daoine fásta faoi mhíchumas.

gena

D’éag an ball is sine den dílleachtlann le linn na ngéibheann. ‘Creidim nach bhfaigheadh sí bás murach an tráma,’ a dúirt sí.

Cé go bhfuil daoine ag glaoch uirthi mar dhuine dochreidte, deir sí: ‘Má tá mé dochreidte, is mar gheall go bhfuil mé ag tabhairt an méid atá riachtanach. Ní féidir liom creidiúint a ghlacadh dom féin as sin.’

Agus í ag smaoineamh ar a náisiúntacht, dúirt sí: ‘Sin cad a dhéanann muintir na hÉireann – ní shuímid siar ag déanamh trua dúinn féin, déanaimid ár ndícheall.’

Tá súil aici filleadh ar Éirinn don Nollaig.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram