Roinneann Bláthnaid Ní Chofaigh a cuid pictiúr pósta

Bhí cuma banphrionsa ar an réálta teilifíse Bláthnaid Ní Chofaigh ar lá a pósta. Féach ar na pictiúir go léir anseo

Cibé acu atá Bláthnaid Ní Chofaigh os comhair na gceamaraí ag cur Nationwide i láthair nó i ngnáthshaol laethúil aici, bíonn sí lán le dath agus le fuinneamh.

Léiríodh an phearsantacht sin go hiontach ar lá a bainise féin i 1995.

In áit ghúna bán traidisiúnta, chaith réalta RTÉ gúna órga álainn nuair a phós Bláthnaid Ciarán Byrne i Lúnasa na bliana sin.

Blathnaid posadh 2

Bhí an gúna tarraingteach, le bodice i stíl cóirséad agus sciorta mór, agus bhí clóca éadrom den ábhar céanna timpeall ar a gualainn.

Bhí a cuid gruaige rua cáiliúil socraithe go galánta i stíl leath suas, leath síos, cosúil le banphrionsa.

Ar an Mháirt seo caite, roinn Bláthnaid grianghraif óna lá mór ar na meáin shóisialta, agus í féin agus Ciarán ag ceiliúradh a 30ú comóradh pósta.

Bláthnaid agus Ciarán Byrne ar an lá mór
Bláthnaid agus Ciarán Byrne ar an lá mór

 ‘26.08.1995. 30 bliain pósta inniu, grá mo chroí thú,’ a scríobh sí faoin íomhá.

Bhí siad ag gáire ó chluas go cluas fad is a bhíodar le chéile ag gearradh a gcíste bainise, stíl na 1990idí go smior.

Roinn Bláthnaid cúpla grianghraf eile freisin – pictiúr óna céimniú ollscoile agus ceann eile níos nádúrtha sa ghairdín lena fear céile.

 D’inis Bláthnaid do RSVP Magazine (i 2023) gur pósadh í féin agus Ciarán agus í díreach cúig bliana fichead d’aois.

Blathnaid posadh 3
Le Ciarán

‘Bhí sé an-óg agam. Ach bhuaileamar le chéile agus ní raibh aon cheist – bhí sé tobann, bhíomar cinnte go bhfanfaimis le chéile,’ a dúirt sí.

‘Tá a fhios agam go maith gur ádh mór atá orm go bhfuilimid fós i ngrá le chéile.’

Blathnaid posadh 5
Le Ciarán

Tá ceathrar páiste acu – Síle, Peadar, Comhahal agus Darach. Le linn na paindéime, tháinig Síle abhaile ó Nua-Eabhrac agus bhí an teach arís lán le clann.

I 2022, labhair Bláthnaid leis an Irish Independent faoin gcaoi a bhfuil a bpósadh tar éis forbairt.

‘De réir mar atáimid tar éis dul in aois, is cosúil go bhfuilim níos cosúla le Ciarán agus eisean níos cosúla liomsa. Níor chailleas mo ghrá, ach fós mothaím gur thiteas i ngrá arís leis.’

Blathnaid posadh 6

Tá sé soiléir ón méid a roinneann an lánúin go bhfuil a nasc láidir fós, agus go bhfuil 30 bliain pósta le ceiliúradh acu le bród agus le grá.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram