

Sheol an Chumann Camógaíochta an feachtas nua ‘Period Power’, le béim a chur ar shláinte agus ar fholláine imreoirí ban agus le timpeallacht níos oscailte agus tacúil a chothú laistigh den chluiche.
Is é seo an dara céim den tionscnamh ‘Female Athlete Initiative’, a thosaigh níos luaithe i mbliana leis an Female Athlete Toolkit.
Go dtí seo, seoladh níos mó ná 600 Pacáiste Míosta chuig clubanna camógaíochta ar fud na tíre, le húsáid ag foirne faoi 14.

Tá rudaí riachtanacha sna pacáistí ‘Period Power’– táirgí sláinteachais mar súitíní (tampons) agus pillíní (pads), málaí diúscartha sláintíochta, glantóir lámh, an Female Athlete Toolkit, litir mhíniúcháin don chlub agus póstaeir le tuilleadh eolais.
Is é an aidhm atá leis na pacáistí ‘Period Power’ ná go mbeidh rochtain láithreach ag imreoirí ar tháirgí míosta nuair atá siad lena bhfoireann, rud a chuireann ar a suaimhneas iad agus a mhéadaíonn muinín.
Cé gur seoladh iad i dtosach chuig foirne faoi 14, molann an Cumann do gach club pacáiste a chur ar fáil do gach foireann óga agus fásta.
1. Táirgí míosta a chur ar fáil do chách – Leis na Pacáistí Míosta, tá Cumann Camógaíochta ag freagairt riachtanais phraiticiúla, ionas nach mbeidh easpa táirgí ina bhac ar rannpháirtíocht ná ar chompord.
2. Oideachas a chur ar bhaill faoi shaincheisteanna sláinte an lúthchleasaí ban – Tugann an Female Athlete Toolkit treoir thábhachtach maidir le dúshláin sláinte agus feidhmíochta atá ag imreoirí ban. Moltar go láidir d’imreoirí, do chóitseálaithe agus do thuismitheoirí é a úsáid.
3. Atmaisféar oscailte a chruthú chun labhairt faoi thréimhsí – Léirigh taighde le déanaí ar leas imreoirí an gá le spás sábháilte agus compordach chun labhairt ar an ábhar seo.
Tá sé mar sprioc ag ‘Period Power’ deireadh a chur leis an stiogma, agus gnáthchomhrá a dhéanamh den cheist, rud a chabhróidh le folláine agus le feidhmíocht na n-imreoirí.
Tá Cumann Camógaíochta ag impí ar chlubanna pictiúir dá bhfoirne agus iad ag fáil na Pacáistí Míosta a roinnt ar na meáin shóisialta, agus iad a chlibeáil leis na haischlibeanna #PeriodPower agus #BreakTheStigma.
Creidtear go neartóidh an iarracht chomhchoiteann Period Power an teachtaireacht agus go gcothóidh sé athrú cultúrtha ní hamháin sa chamógaíocht ach i saol spóirt na hÉireann ar fad.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.