Beidh Roma sna Flaithis bheaga le hEvan Ferguson agus paidreacha an Phápa

Tá cluiche mór ag foireann Roma le hEvan Ferguson Dé Sathairn ach tá an Pápa ar a dtaobh freisin

 Tá an Iodáil chlúiteach as bia, fíon agus cultúr, ach seasann an pheil agus an creideamh i gcroílár na tíre, mar atá Evan Ferguson ar tí a fháil amach.

Deirtear gur cosúil le creideamh eile í an pheil.

An Pápa Leo XIV
An Pápa Leo XIV

Dé Domhnaigh, tar éis Aifrinn, líonann lucht leanúna na tíre staidiam na Serie A.

Nuair a toghadh an Pápa nua, Leo XIV, i mí na Bealtaine, bhí suim ag daoine a fháil amach cén fhoireann a thacódh sé léi.

Cé gur as Chicago é agus gur lucht leanúna dílis é don White Sox agus do Villanova, tháinig físeán amach a thaispeáin é ag tacú le AS Roma, foireann Evan Ferguson.

Beidh cluiche mór ag Roma an Satharn seo, 23 Lúnasa, nuair a imreoidh siad in aghaidh Bologna, buaiteoirí Corn na hIodáile.

Beidh sé mar chéad chluiche do Ferguson agus don bhainisteoir nua Gian Piero Gasperini, fear cáiliúil as ionsaitheoirí óga a threorú.

Faoin Iodálach seo d’éirigh le hionsaitheoirí ar nós Ademola Lookman, a scóráil tréchleas  (hat trick) i gcluiche ceannais na hEorpa i mBaile Átha Cliath.

Ag labhairt leis an nuachtán Gazzetta dello Sport, dúirt Ferguson: ’Tá a fhios agam go ndeachaigh go leor ionsaitheoirí chun cáil faoin traenálaí seo. Tá sé dearfach domsa freisin.’

Tá an t-ionsaitheoir as Baile Brigín dóchasach faoin todhchaí sa Róimh.

Cé go bhfuil sé ar iasacht faoi láthair, tá rogha ag Roma é a cheannach ar €35 milliún.

‘Níl ann ach tús. B’fhéidir go bhfanfainn anseo i bhfad, fiú go deo,’ a dúirt sé.

Evan Ferguson
Evan Ferguson

Luaigh sé freisin an brú sna meáin: ’Tá an-chuid cainte ann, ach ní ormsa atá na luachálacha. Déanaim mo jab agus sin é.’

Tá Ferguson i bhfoirm mhaith cheana féin tar éis réamhshéasúir den scoth.

Tá go leor ag súil go mbeidh sé san fhoireann tosaithe i gcoinne Bologna, os comhair lucht leanúna na Róimhe agus b’fhéidir le tacaíocht an Phápa ón mbinse.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram